An difríocht idir athruithe ar: "Carbón"

Content deleted Content added
m r2.7.3) (Robot: Modifying hi:कार्बन to hi:प्रांगार; athruithe cosmaideacha
Líne 44:
Cibé faoi sin, is féidir salainn an aigéid seo a tháirgeadh - carbónáití, mar a thugtar orthu, agus iad sách coitianta i measc na mianraí nádúrtha: an [[Cailcít|chailcít]], nó an charbónáit chailciam CaCO<sub>3</sub>, an smitsinít nó an charbónáit since ZnCO<sub>3</sub>, an ródacróisít nó an charbónáit mhangainéise MnCO<sub>3</sub>, an rutarfoirdín nó an charbónáit úráinile UO<sub>2</sub>CO<sub>3</sub>, agus a lán eile.
 
=== An Aonocsaídaonocsaíd Charbóincharbóin ===
{{main|Aonocsaíd charbóin}}
 
Is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gcarbón sa chomhdhúil thábhachtach seo ná +2, agus is í an [[foirmle|fhoirmle]] cheimiceach atá aici ná CO. Nimh láidir atá inti agus í in ann dul in áit an mhóilín ocsaigine i haemaglóibín na fola, ionas nach féidir leis an [[haemaglóibín]] tuilleadh ocsaigine a iompar. Sin é an dóigh a n-oibríonn an t-ian ciainíde fosta, agus é cosúil leis an aonocsaíd charbóin ó thaobh an struchtúir leictreonaigh de. Níl an aonocsaíd charbóin chomh sothuaslagtha san fhuil agus an chiainíd, ach ón taobh eile de, níl boladh ar bith as an aonocsaíd charbóin.