An difríocht idir athruithe ar: "An Háig"

Content deleted Content added
No edit summary
Cealaíodh athrú 590846 le Diaslas (plé) Please don't translate placenames like this...
Líne 20:
|líonláithreán = www.denhaag.nl
}}
Is príomhchathair de chuid chúige na [[An Ollainn Theas|hOllainne Theas]] san [[An Ísiltír|Ísiltír]] í '''An Háig'''. Tá 500 000 duine (ó 1 Meán Fomhair 2011) ina gcónaí ann agus is í an tríú chathair is mó san Ísiltír, i ndiaidh [[Amstardam]] agus [[Rotterdam]]. Tá An Háig lonnaithe in iarthar na hÍsiltíre, i lár chomhchathair Haaglanden agus i gcúinne thiar theas de chuid na comhchathrach níos mó ar a dtugtar na [[Cathracha Teorann]]"Randstad".
 
Tá An Háig mar shuíomh do rialtas, parlaimint agus Cúirt Uachtarach na hÍsiltíre, mar aon le Comhairle an Stáit, ach ní príomhchathair na hÍlstíre í os rud é gurb é Amstardam príomhchathair na tíre ó thaobh an bhunreachta de. Tá [[Banríon Beatrix na hÍsiltíre]] ina cónaí in Huis ten Bosch agus oibríonn sí i bPálás Noordeinde san Háig. Tá na hambasáidí eachtracha uile agus 150 eagraíocht idirnáisiúnta lonnaithe sa chathair, lena n-áirítear [[an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta]] agus [[an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta]]. Dá bhrí sin, is ceann de na príomhchathracha a óstálann na Náisiúin Aontaithe (in éineacht le Nua Eabhrac agus leis an nGinéiv) í An Háig.