An difríocht idir athruithe ar: "Dara Cogadh na mBórach"

Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag baint: no:Boerkrigen
Líne 24:
 
== Cúlra an Chogaidh ==
[[Íomhá:Afrikaner commandos.JPG|thumb|upright|Treallchogaithe Bóracha le linn an chogaidh]]
 
Nuair a thángthas ar ór in Transvaal, thonn na mílte de Shasanaigh isteach thar an teorainn ó [[Coilíneacht na Rinne|Choilíneacht na Rinne]]. D'fhás cathair [[Johannesburg]] as an talamh thar oíche mar a bheadh sluma ann, agus na h''[[uitlanders]]'' (na strainséirí), mar a thugadh na Bóraigh orthu ina dteanga féin, ag socrú síos in aice le foinsí an óir. I ndiaidh tamaill, fuair na Bóraigh iad féin ina mionlach i gcroílár a bpoblachta féin. Ní raibh siad sásta leis an bhforbairt seo, agus le deachú na lonnaitheoireachta a ghearradh de na h''uitlanders'', d'éiligh siad cánacha arda ar thionsclaíocht an óir. Mar sin, thosaigh na h''uitlanders'' ag lorg cabhrach ón rialtas Briotanach, agus iad den tuairim gur chóir poblacht Transvaal a chur de dhroim an tsaoil. Sa bhliain 1895, bhain [[Cecil Rhodes]] triail as, agus é ag maoiniú ''coup d'état'' i bpoblacht Transvaal. Theip ar an iarracht seo, áfach, siúd is go raibh fórsa armtha mar chúltaca léi.