An difríocht idir athruithe ar: "Na Cogaí Púnacha"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[File:Map of Rome and Carthage at the start of the Second Punic War.svg|thumb|An Mheánmhuir ag tús an Dara Cogadh Púnach: {{legend|#FF5F57|An Róimh agus a gComhghuaillithe}} {{legend|#9496E8|An Chartaig agus a gComhghuaillithe}} ]]
Sraith de thrí fheachtas míleata ba ea na '''Cogaí Púnacha''' a troideadh idir [[Impireacht na Róimhe]] agus [[an Chartaig]], ón bhliain 264 RC go dtí 146 RC. Ag an am, is dócha go raibh an méid cogaíochta inchomparáide leis na chogaidh domhanda a thárla sa chéad seo chaite. Tagann an téarma 'Púnach' ón bhfocal [[Laidin|Laidine]] ''Punicus'' (nó ''Poenicus''), rud a chiallaíonn "Cartagach", tagairt do 'shinsearacht [[Féiníceach|Fhéiniceach]]' na gCartagach.
Forlámhas a dh'fháil ar [[an tSicil]] - an t-oileán a bhí idir an dá impireacht- b'shin é an t-údar is mó don chéad chogadh Púnach. Bhí coilíneachtaí dá gcuid féin ag na Cartagaigh san oileán, agus bhí na Rómhánaigh ag éirí buartha faoin mbagairt mhíleata a bhí iontu. Ag tús an Chéad Chogaidh, ba leis na Chartagaigh an chumhacht cheannasach is mó in iarthar na [[An Mheánmhuir|Meánmhara]], le hImpireacht mhuirí fhorleathan acu, cé go raibh cumhacht na Róimhe ag bailiú nirt go tapa san [[|An Iodáil|Iodáil]], bhí cumhacht a cabhlach lag agus easnamhach i gcomparáid leis na Chartagaigh.
Faoi dheireadh an triú chogaidh, tar éis níos mó ná céad bliain agus cailleadh na céadta míle saighdiúirí ón dá thaobh, chloígh an Róimh [[Impireacht na gCartach]] go hiomlán agus scrios siad [[Cathair na Cartaige]], agus d'éirigh leis an Róimh bheith ina stát uilechumhachtach amáin in Iarthar na Meánmhara.
Leis deireadh na cogaí Macadónacha - a bhí ar siúl i gcomhthráth leis na Cogaí Púnacha - agus treascairt an Rí Seleucid Mór Antiochus III sa Chogadh Rómhánach-Siriach (Conradh Apamea, 188 RC) san mhuir thoir, tháinig an Róimh chun chinn mar an chumhacht cheannasach sa Mheánmhuir agus ceann de na cathracha is cumhachtaí de chuid na Ré Clasaicigh. Thug bua na Róimhe ar na Chartaigh sna cogaí seo stádas oirirc di a bheadh ​​coinneáilte aici go dtí an 5ú haois AD.