An difríocht idir athruithe ar: "Na Cogaí Púnacha"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 9:
 
Sa bhliain 200 RC bhain [[An Róimh|Poblacht na Róimhe]] smacht amach ar leithinis na hIodáile, ar an ar an taobh ó dheas den [[An Phó|Phó]]. Murab ionann agus an Chartaig, bhí mórfhórsaí armtha catharaíonachta ag an Róimh. Ar an láimh eile, ag tús an Chéad Chogadh Púnacha, ní raibh cabhlach ar bith ag na Rómhánaigh, agus bhí siad mar sin faoi mhíbhuntáiste go dtí gur thosaigh siad ar chabhlach mór dóibh féin a thógáil, le linn an chogaidh.
==An Chéad Chogadh Púnach==
 
Troideadh an Chéad Chogadh Púnach (264-241 RC) i bpáirt ar thalamh na Sicile agus na hAifrice, ach den chuid is mó ba chogadh cabhlaigh é. Thosaigh sé mar coimhlint áitiúil sa tSicil idir [[Iéro II]] ó [[Sioracús|Shioracús]] agus na [[Mamartach|Mamartíní]] ó [[An Mheasána|Mhesána]]. Bhailigh na Mamartíní chucu féin cabhair ó chabhlach na gCartagach, ach ina dhiaidh, sin rinne siad feall orthu ag impigh ar Sheanad na Róimhe cúnamh a thabhairt dóibh i gcoinne na Cartaige. Sheol na Rómhánaigh garastún chun na Measáine a dhaingniú, agus mar gheall ar an feall sin, chuidigh na Cartagaigh leis na Síoracúsaigh. Anois agus an dá chumhacht in achrann lena chéile san choimhlint, d'fhormhéadaigh an teannas eatarthu go tapa go cogadh lánscála le haghaidh na Sicile a smachtú.
[[Catagóir:Stair na hEorpa]]
[[Catagóir:Cogadh]]