An difríocht idir athruithe ar: "An tSicil"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 32:
 
== Stair na Sicile ==
{{main|Stair na Sicile}}
Fuair an tSicil a hainm ó cheann de na treibheacha bundúchasacha - treibh na ''Siculi'' - a bhí ina gcónaí ansin roimh theacht na bhforghabhálaithe coimhthíocha, ar nós mhuintir [[An Chartaig|na Cartaige]] agus [[An Ghréig|na Gréige]]. Bhí teanga Iodálda - gaolmhar leis an [[Laidin]] - ag na Siculi agus ag na treibheacha réamhstairiúla eile, ach d'éirigh leis na Gréagaigh a dteanga agus a gcultúr féin a chur i bhfeidhm go láidir ón ochtú haois roimh bhreith Chríost anuas. Sa tseanársaíocht Chlasaiceach, ba nós leis na daoine sa [[An Róimh|Róimh]] glacadh leis an tSicil mar chuid de dhomhan na Gréigise, ''Magna Graecia''. Bhí cultúr na Gréige á shaothrú go bláfar san oileán. Sicileach ab ea é athair na hinnealtóireachta féin, [[Airciméidéas]].