An difríocht idir athruithe ar: "Na Cogaí Púnacha"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[File:Map of Rome and Carthage at the start of the Second Punic War.svg|thumb|An Mheánmhuir ag tús an Dara Cogadh Púnach: {{legend|#FF5F57|An Róimh agus a gComhghuaillithe}} {{legend|#9496E8|An Chartaig agus a gComhghuaillithe}} ]]
Sraith de thrí fheachtas míleata ba ea na '''Cogaí Púnacha''' a troideadh idir [[Impireacht na Róimhe]] agus [[An Chartaig Ársa|an Chartaig]], ón bhliain 264 RC go dtí 146 RC. Ag an am, is dócha go raibh an méid cogaíochta inchomparáide leis na chogaidh domhanda a thárla sa chéad seo chaite. Tagann an téarma 'Púnach' ón bhfocal [[Laidin|Laidine]] ''Punicus'' (nó ''Poenicus''), rud a chiallaíonn "Cartagach", tagairt do 'shinsearacht [[FéiníceachAn Fhéiníc|FhéiniceachFhéiníceach]]' na gCartagach.
Forlámhas a dh'fháil ar [[an tSicil]] - an t-oileán a bhí idir an dá impireacht- b'shin é an t-údar is mó don chéad chogadh Púnach. Bhí coilíneachtaí dá gcuid féin ag na Cartagaigh san oileán, agus bhí na Rómhánaigh ag éirí buartha faoin mbagairt mhíleata a bhí iontu. Ag tús an Chéad Chogaidh, ba leis na Chartagaigh an chumhacht cheannasach is mó in iarthar na [[An Mheánmhuir|Meánmhara]], le hImpireacht mhuirí fhorleathan acu, cé go raibh cumhacht na Róimhe ag bailiú nirt go tapa san [[An Iodáil|Iodáil]], bhí cumhacht a cabhlach lag agus easnamhach i gcomparáid leis na Chartagaigh.
Faoi dheireadh an triú chogaidh, tar éis níos mó ná céad bliain agus cailleadh na céadta míle saighdiúirí ón dá thaobh, chloígh an Róimh [[Impireacht na gCartach]] go hiomlán agus scrios siad [[Cathair na Cartaige]], agus d'éirigh leis an Róimh bheith ina stát uilechumhachtach amáin in Iarthar na Meánmhara.