An difríocht idir athruithe ar: "Na Cogaí Púnacha"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 12:
 
Troideadh an Chéad Chogadh Púnach (264-241 RC) i bpáirt ar thalamh na Sicile agus na hAifrice, ach den chuid is mó ba chogadh cabhlaigh é. Thosaigh sé mar coimhlint áitiúil sa tSicil idir [[Iéro II na Sioracúise|Iéro II]] na [[Sioracús, an tSicil|Sioracúise]] agus na [[Mamartach|Mamartíní]] ó [[An Mheasána|Mhesána]]. Bhailigh na Mamartíní chucu féin cabhair ó chabhlach na Cartaige, ach ina dhiaidh, sin rinne siad feall orthu ag impigh ar Sheanad na Róimhe cúnamh a thabhairt dóibh i gcoinne na Cartaige. Sheol na Rómhánaigh garastún chun na Measáine a dhaingniú, agus mar gheall ar an feall sin, chuidigh na Cartagaigh leis na Síoracúsaigh. Anois agus an dá chumhacht in achrann lena chéile san choimhlint, d'fhormhéadaigh an teannas eatarthu go tapa go cogadh lánscála le haghaidh na Sicile a smachtú.
Tar éis an bhriste ghéir ag Cath Agrigentum sa bhliain 261 RC, shocraigh ceannaireacht na Cartaige gan a thuilleadh rannpháirtíochtaí thalamh-bhunaithe díreach le léigiúin chumhachtacha na Róimhe a bheith acu, ach díriú ar an bhfarraige áit gur chreid siad go mbeadh an buntáiste ag loingeas ollmhór na gCartach. Ar dtús , bhí an lámh in uachtar ag na Chartaigh. Sa bhliain 260 RC bhris siad ar chabhlach nua na Rómhánach ag Cath na nOileán Aeolach. D'aisfhreagair na Rómhánaigh go tapaidh, áfach, tríd a gcabhlach a mhéadú go suntasach in am an-ghearr. Laistigh de dhá mhí, bhí cabhlach de os cionn céad long cogaidh acu. Toisc go raibh a fhios acu nach bhféadfadh siad na Cartaigh a threascairt, leis na gnáth teaicticí, sé sin le reithí, chuir na Rómhánaigh an corvus, droichead ionsaithe, ar bharr a longa. Bheadh na Rómhánaigh in ann an droichead a luascadh thart chuig long an namhaid agus bheadh an spíce géar ar a bharr in ann long an namhaid a stopadh. D'fhéadfadh leigiúnaigh Rómhánacha léim ar bord ansin agus an long a ghabháil. Laghdaigh úsáid na teaictice nuálaí buntáiste chabhlach na gCartach i gcomharaic long-le-long agus thug sé cead do choisithe na Róimhe páirt a ghlacadh i gcoimhlintí cabhlaigh. Mar sin féin, bhí an corvus anásta agus contúirteach freisin, mar sin, cuireadh deireadh leis de réir a chéile nuair a d'éirigh cabhlach na Róimhe níos cleachtaithe agus inniúla. Ach amháin gur bhriseadh orthu ag Cath Túinis san Afraic, agus faoi dhó i gcomhrac cabhlaigh, bhí bua beagnach gan bhriseadh ag fórsaí na Róimhe sa Chéad Cogadh Púnach . Sa bhliain 241 RC, shínigh an Chartaig conradh síochána faoi théarmaí a thug uirthi an tSicil a thréigint agus cúiteamh chogaidh a d'íoch. Bhí an cogadh fada costasach don dá chumhacht, ach bhí an Chartaig go mór níos éagobhsaithe dá bharr ná an Róimh. Sa bhliain 238 RC, bhí an Chartaig sáite isteach i gCogadh na nAmas, agus, lena linn, ghabh an Róimh an tSairdín agus an Chorsaic.
 
 
 
 
[[Catagóir:Stair na hEorpa]]
[[Catagóir:Cogadh]]