An difríocht idir athruithe ar: "Nanaitheicneolaíocht"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Is éard atá sa '''nanaitheicneolaíocht''' na bealaí atá ar fáil chun struchtúir agus uirlisí a dhéanamh nó a ionramháil ar scála an nanaiméadair - sin é le rá, ar scála adamhach nó móilíneach, mar a bhfuil tréithe an ábhair an-difriúil leis na cinn a bhaineann le scála níos airde.<ref>http://www.nanotec.org.uk: Final Report, 'Nanoscience and nanotechnologies: opportunities and uncertainties,' The Royal Society & The Royal Academy of Engineering, 2004, lch 5.</ref>. Teicneolaíocht ilchineálach atá inti ar féidir tairbhe a bhaint aisti i gcúrsaí optaice, bitheolaíochta, meicníochta, ceimice agus micritheicneolaíochta. Fágann an t-ilchineálachas seo nach bhfuil eolaithe ar aon intinn faoi nádúr na nanaitheicneolaíochta.<ref>http://www.nanomicro.recherche.gouv.fr/fr/menu_vulgarisation.shtml 'Nanoscience-nanotechnologie,' CEA, Ministère de la Recherche</ref>
 
Aithnítear gur féidir le nanábhair díobháil a dhéanamh do chorp an duine agus do chealla saothrúcháin. Déanann an nanathocsaineolaíochta staidéar ar an dochar a d'fhéadfadh na nanábhair a dhéanamh don tsláinte nó don timpeallacht. Ceist eiticiúil is ea spré forleathan na nanaimhíreanna.