An difríocht idir athruithe ar: "Pádraig Mac Piarais"

Content deleted Content added
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: cs:Patrick Pearse
Líne 26:
== Tús a Shaoil ==
[[Íomhá:Birthplace of Patrick and William Pearse.jpg|200px|clé|thumb|27 Sráid an Phiarsaigh, áit ina rugadh Pádraig agus [[Liam Mac Piarais]].]]
Rugadh Pádraig Mac Piarais i dteach ag 27 Great Brunswick Street ([[Sráid an Phiarsaigh]] inniu) i m[[Baile Átha Cliath]] sa bhliain [[1879]]. [[Dealbhóireacht|Dealbhóir]] agus saor cloiche ó [[Bermingham|Bhermingham]] [[Sasana|Shasana]] abó édhúchas a bhí ina athair SéamasJames, MacProtastúnach Piaraisa chuir a ghnó féin ar bun sna 1850idí a bhain rath nach beag amach. Dá bhrí sin, clann compordach meánaicmeach a bhí iontu.

Fuair sé a chuid bunoideachais ó na [[na Bráithre Críostaí]]. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ag staidéar san Ollscoil Ríoga. Chuaigh sé le dlí i dtosach, ach níor lean sé den cheird sin, nó bhí dímheas aige ar an dlíodóireacht mar rud. Aon uair amháin, áfach, chosain sé fear ón n[[Gaeltacht]] ar cuireadh an dlí air nuair a litrigh sé a ainm as [[Gaeilge]] ar a charr. Chuir sé [[Scoil Éanna]] ar bun, arbh í an chéad scoil dhátheangach sa tír le blianta fada. Léirigh sé a dhearcadh faoin oideachas ina leabhar 'The Murder Machine', agus b'í an Scoil Náisiúnta an "meaisín" a bhí i gceist aige, ó bhí sé barúlach gurb í an scoil sin a bhí ag déanamh cabhóg na Gaeilge. Bhí suim aige sa Ghaeilge ó thús a óige. Chuaigh sé i g[[Conradh na Gaeilge]] sa bhliain [[1896]] agus bhí sé ina bhall den Choiste Gnó nuair a bhí sé fiche bliain d'aois.
 
B’iomaí tréimhse a chaith sé i g[[Conamara]] ag foghlaim na teanga. Thóg sé teach beag ceanntuí dó féin i [[Ros Muc]] agus chuir sé aithne mhaith ar mhuintir na háite. Chaith sé tamall ina fhear eagair ar an g[[an Claidheamh Soluis|Claidheamh Soluis]], iris Chonradh na Gaeilge. Nuair a cuireadh na h[[Óglaigh na hÉireann|Óglaigh]] ar bun, bhí lámh aige san obair sin, freisin - bhunaigh sé buíon acu i Ros Muc. Ba bhall gníomhach de [[Bráithreachas na Poblachta|Bhráithreachas na Poblachta]] (The Irish Republican Brotherhood) é.