An difríocht idir athruithe ar: "Na Cogaí Púnacha"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 6:
==Cúlra==
 
Le linn lár na 3ú haoise RC, ba chathair mhór í an Chartaig, suite ar chósta dheisceart na Meánmhara, san áit a nglaoitear [[an Túinéis]] uirthi, san lá atá inniu ann. Bunaithe ag na [[FéiníceachAn Fhéiníc|Féinícigh]], i lár na 9ú haoise, ba chathairstát cumhachtach talasalathach é, le líonra mór tráchtála. As na cathairstáit san Iar-Mheánmhuir, i dtéarmaí cumhachta, rachmais agus daonra de ní raibh ach céile comhraic amháin aici, sé sin an Róimh. Cé go raibh cabhlach na Cartaige ar an cheann is mó sa domhan ársa ag an am, ní raibh arm seasta buan a choimeád ar bun aici. Ina áit sin, bhraith an Chartaig den chuid is mó ar amhais, go háirithe ar [[Beirbeireach|Bheirbeirigh]] [[An Nuimid|Nuimideacha]] dúchasacha, chun a cuid chogaí a throid. Mar sin féin, ba shaoráinigh Cartagacha an chuid is mó de na hoifigigh a bhí i gceannas ar an arm. Bhain na Cartagaigh clú amach mar mhairnéalaigh den chéad scoth, agus murab ionann agus a n-arm, bhí go leor Cartagach ó na hísle aicmí san chabhlach, agus sholáthair siad ioncam cobhsaí agus gairm as dá réir sin.
 
Sa bhliain 200 RC bhain [[An Róimh|Poblacht na Róimhe]] smacht amach ar leithinis na hIodáile, ar an ar an taobh ó dheas den [[An Phó|Phó]]. Murab ionann agus an Chartaig, bhí mórfhórsaí armtha catharaíonachta ag an Róimh. Ar an láimh eile, ag tús an Chéad Chogadh Púnacha, ní raibh cabhlach ar bith ag na Rómhánaigh, agus bhí siad mar sin faoi mhíbhuntáiste go dtí gur thosaigh siad ar chabhlach mór dóibh féin a thógáil, le linn an chogaidh.
 
==An Chéad Chogadh Púnach==