An difríocht idir athruithe ar: "Gaeilge Mhanann"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag suimiú: be:Мэнская мова
MacTire02 (plé | dréachtaí)
ceartúcháin bheaga - daonáireamh 2012, stíl, tagairtí, srl.
Líne 2:
|tír_a_labhraíonn_í_with_in=ar [[Oileán Mhanann]]
|réigiún=<nowiki>-</nowiki>
|cainteoirí=dúchasach: 56<br />dara teanga: 1,823 (2011)<ref>{{Lua idirlín |url= http://www.gov.im/lib/docs/treasury/economic/census/census2011reportfinalresized.pdf|teideal=Isle of Man Census Report 2011|dátarochtana=8 Meán Fomhair 2012 |foilsitheoir= Rheynn Cooishyn Tarmaynagh, Yn Tashtey|dáta=2012}}</ref>
|cainteoirí=dúchasach: 56<br />dara teanga:1,689
|rang=''(Ní sa chéad 100)''
|líne_ghinealaigh=[[Líne ghinealaigh Ind-Eorpaise|Ind-Eorpais]]<br />
Líne 11:
|rialtóir=[[Coonseil ny Gaelgey]] (Comhairle na Gaeilge)
|iso1=gv|iso2=glv|iso3=glv}}
 
[[Teanga Ghaelach]] a labhraítear in [[Oileán Mhanann]] atá i gceist leis an '''Manainnis''', nó '''Gaeilge Mhanann''' ('''Gaelg''' nó '''Gailck''' sa teanga féin). Shíolraigh sí ón [[Meán-Ghaeilge]] ar dtús, agus tá sí cosúil le [[Gaeilge Uladh]] agus [[Gaeilge na hAlban]]. Fuair an cainteoir deireanach dúchais, [[Ned Maddrell]], bás sa bhliain [[1974]], ach tá athbheochán á rith ar an oileán agus líon na gcainteoirí ag dul i méadaíocht. Tá [[gaelscoil]] Mhanainnise ann le cúpla bliain anuas áfach, ina n-úsáidtear an teanga mar mheán teagaisc. Baineann [[rialtas Mhanann]], an [[Tinbheal]], úsáid as Gaeilge Mhanann mar theanga oifigiúil reachtaíochta, chomh maith leis an m[[Béarla]].
 
Cé go bhfuil gaol dlúth ag an Manainnis leis na teangacha Q-Cheilteacha eile ([[Gaeilge]] agus [[Gàidhlig]]), tá an litriú bunaithe ar litriú an [[Béarla|Bhéarla]] agus na [[Breatnais]]e.
 
== An Teanga Féin ==
=== An Litriú ===
 
=== An Litriú ===
 
Is é an litriú an difríocht is suntasaí idir an Mhanainnis agus an dá chineál Gaeilge eile. Tá córas litrithe na Manainnise bunaithe ar an Teagasc Críostaí a tháinig ó pheann Thomas Wilson agus a chuaigh i gcló sa bhliain 1707. Ina dhiaidh sin, rinneadh aithris ar an litriú seo i ngach leabhar a foilsíodh sa teanga.
 
Line 28 ⟶ 25:
Tá aon litir amháin in úsáid sa Mhanainnis inniu nach bhfeicfeá sa Bhéarla, mar atá, ç. Scríobhtar an t caol (nó "ch" an Bhéarla) mar /çh/ sa Mhanainnis, agus is ionann /ch/ na Manainnise agus "ch" na Gaeilge (agus na Gearmáinise, cuir i gcás). Tugadh an litir ç isteach an chéad uair i bhfoclóir áirithe ón mbliain 1866. Roimhe sin, is mar /ch/ a litrítí an dá rud.
 
=== An Fuaimniú ===
 
Murab ionann agus litriú an dá Ghaeilge eile ní thaispeánann litriú na Manainnise caolú agus leathnú na gconsan go róshoiléir - agus le fírinne, tháinig lagú mór ar an difríocht idir an dá chineál consan i bhfad sula ndeachaigh an teanga féin in éag, de réir gach cosúlachta. Scéal eile, áfach, go ndearna Wilson agus Phillips iarracht ionraic le litriú difriúil a chinntiú d'fhocail ar aon fhuaimniú le chéile nárbh ionann a mbrí ná a sanasaíocht.
 
Line 40 ⟶ 36:
Má thagann an consan srónach i ndeireadh an fhocail, cloisfear ábhairín den phléascach homorgánach roimhe - is é sin, déanfar "trobm" de "trom" nó "badne" de "bán", go bunúsach. Ní bhíonn a leithéid le fáil sa dá chineál Gaeilge eile, ach spéisiúil go leor, bhí fuaimniú seo an chonsain shrónaigh i ndeireadh an fhocail coitianta i gcanúintí áirithe na Coirnise, nuair a bhí an teanga sin beo breabhsánta i gcónaí, rud is féidir a aithint ar na logainmneacha i gCorn na Breataine inniu féin.
 
=== An Ghramadach ===
 
Maidir leis an ngramadach, is léir go raibh cuid mhór de shaintréithre tipiciúla na gramadaí Gaelaí imithe as úsáid sa Mhanainnis i bhfad bhfad sula bhfuair [[Ned Maddrell]] bás - i bhfad sular saolaíodh é, fiú. Chuaigh an tuiseal ginideach in éag, chomh maith leis an saorbhriathar, an chopail agus an aidiacht shealbhach. B'é an tionchar láidir ón Lochlainnis ba chúis leis na forbairtí seo, mar a chreidtear inniu. Dá thoradh sin, áfach, bíonn an Mhanainnis - fiú an Mhanainnis "chlasaiceach" - an-chosúil le droch-Ghaeilge thipiciúil an Bhéarlóra. Ach ar ndóigh, tá gaol ag an mBéarla leis na teangacha Lochlannacha, agus dhéanfadh na Lochlannaigh dearmaid ghramadúla den chineál chéanna agus a dhéanann na Béarlóirí.
 
== Stair na Teanga ==
=== Roimh Theacht an Bhéarla ===
 
 
=== Roimh Theacht an Bhéarla ===
Ós rud é go bhfuil Oileán Mhanann sách scartha ó shaol an Bhéarla, mhair an teanga slán na céadta bliain beag beann ar smacht polaitiúil na Sasanach ar an oileán, cé gurbh é an Béarla teanga oifigiúil na mbailte móra agus an riaracháin. Ón mbliain [[1334]] i leith, bhí an t-oileán á rialú ag tiarna éigin a bhain le huasalaicme Normannach Shasana. An tiarna deireanach den chineál seo, mar atá, Diúc Athol, dhíol sé an t-oileán le coróin Shasana sa bhliain 1765. Bhí an smuigléireacht ina gnó forleathan san oileán, rud a spreag rialtas Shasana chun seilbh dhíreach a fháil ar Mhanainn le dlíthe an Rí a chur i bhfeidhm ansin. Nuair a cailleadh an gnó sin, áfach, thosaigh an t-oileán ag bánú in éagmhais teacht isteach, agus na daoine ag aistriú go Meiriceá ar lorg pá. Shocraigh an chuid is mó de na Manannaigh i Meiriceá síos in [[Ohio]], timpeall ar chathair [[Cleveland, Ohio|Cleveland]], agus creidtear go raibh an Mhanainnis á labhairt mar theanga phobail i gCleveland níos deireanaí ná in Oileán Mhanann féin.
 
=== Tionchar na Turasóireachta san 19ú Aois ===
Nuair a bhí na Manannaigh féin ag dul ar imirce ina sluaite móra, chuir turasóirí saibhre Sasanacha sonrú san oileán mar áit saoire, agus thosaigh siadsan ag tonnadh isteach. D'éirigh gnó na cuairteoireachta ina thionscal mór i Manainn, agus ar ndóigh, bhí an Béarla de dhíobháil ar na bundúchasaigh a bhí ag iarraidh cupla pingin a shaothrú ag freastal ar na turasóirí. Dá réir sin, thosaigh an malartú teanga in Oileán Mhanann, agus i lár na naoú haoise déag, scoith an Béarla an Mhanainnis mar theanga thromlaigh san oileán. I dtús na fichiú haoise, bhí an Mhanainnis imithe mar theanga phobail, ach mhair seanchainteoirí in áiteanna go dtí an dara leath den aois chéanna. Fuair an cainteoir deireanach dúchais, [[Ned Maddrell]], bás ar an seachtú lá fichead de Mhí na Nollag sa bhliain [[1974]].
 
=== Athbheochan ===
[[Íomhá:Douglas_Isle_of_Man_welcome_sign.jpg|Thumb|280px|right||Comhartha dátheangach i nDúghlais]]
 
Thosaigh gluaiseacht athbheochana na teanga i ndeireadh na naoú haoise déag, agus na daoine ag tuiscint go raibh an Mhanainnis ag imeacht go tiubh téirimeach mar theanga dhúchais, agus obair ar leith ag teastáil leis na hiarsmaí féin a shábháil. Bhí bunú [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] in Éirinn ina réamhshampla tábhachtach ag lucht athbheochana na Manainnise. Bunaíodh [[Yn Çheshaght Ghailckagh]], nó Cumann Gaelach Oileán Mhanann, ar an dara lá fichead de Mhí na Márta sa bhliain [[1899]]. Bhí an cumann seo dírithe ar an Manainnis a choinneáil beo mar theanga náisiúnta agus ar litríocht a fhoilsiú agus ar scríbhneoireacht a spreagadh sa teanga.
Line 60 ⟶ 53:
Chuir lucht athbheochana na Manainnise an-bhéim ar an mbéaloideas, nó b'é sin an t-aon litríocht dhúchasach a bhí acu i dtús báire, díomaite de na foilseacháin spioradálta ón ochtú haois déag. Sna blianta [[1913]]-[[1919]], bhí Yn Çheshaght Ghailckagh ag foilsiú ''Mannin'', iris leathbhliantúil ina gcuirtí i gcló idir bhéaloideas Manainnise agus altanna faoi shaol traidisiúnta Oileán Mhanann. Tháinig deireadh leis an iris, áfach, nuair a fuair an t-eagarthóir, [[Sophia Morrison]], bás. Bhí sí ina rúnaí ar Yn Çheshaght agus ina bailitheoir mór béaloidis.
 
==== An Nasc Gearmánach ====
I ndiaidh bhás Morrison, bhí an saol Manainnise ciúin go leor ar feadh tamaill, go dtí gur tháinig sracadh nua ann le hobair [[Mona Douglas]]. Bhí sise ina béaloideasóir tábhachtach cosúil le Morrison, agus luiteamas aici le náisiúnachas na hÉireann. Cuirtear ina leith, fiú, go raibh sí ag brath ar dhul i dtuilleamaí na Gearmáine Naitsíche le saoirse a bhaint amach do Mhanainn. Ar a laghad, dealraíonn sé go raibh lámh aici i mbunú [[Ny Manninee Dhooie]], eagraíocht náisiúnaíoch a bhí báúil leis na Gearmánaigh, agus de réir an taighde a rinne an scoláire Manannach George Broderick ar stair na gluaiseachta náisiúnaíche i Manainn, bhí níos mó ná báúlacht i gceist. Faoin am céanna a raibh Mona Douglas ag béaloideasóireacht, bhí baicle de scoláirí Ceilteacha ag obair faoi cheannas [[Ludwig Mühlhausen]] do lárionad taighde an [[SS]], agus iad ag cur an-spéise in Oileán Mhanann mar áit ina bhféadfadh an Ghearmáin leas a bhaint as an náisiúnachas áitiúil le dochar a dhéanamh don [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Bhí saineolaí ar leith ag an [[SS Ahnenerbe|Lárionad]] le ceisteanna Ghaeilge Mhanann agus Oileán Mhanann a phlé, mar atá, [[Gerhard von Tevenar]], agus é chomh heolach ar chúrsaí an oileáin is gur léir go raibh cairde nó lucht teagmhála aige i Manainn féin.[<ref>{{lua idirlín|url=http://www.gaelg.iofm.net/ARTICLE/Broderick/THREE.html] | teideal= Under the "Three-Legged-Swastika" | údar = Broderick, George }}</ref>
 
I ndiaidh bhás Morrison, bhí an saol Manainnise ciúin go leor ar feadh tamaill, go dtí gur tháinig sracadh nua ann le hobair [[Mona Douglas]]. Bhí sise ina béaloideasóir tábhachtach cosúil le Morrison, agus luiteamas aici le náisiúnachas na hÉireann. Cuirtear ina leith, fiú, go raibh sí ag brath ar dhul i dtuilleamaí na Gearmáine Naitsíche le saoirse a bhaint amach do Mhanainn. Ar a laghad, dealraíonn sé go raibh lámh aici i mbunú [[Ny Manninee Dhooie]], eagraíocht náisiúnaíoch a bhí báúil leis na Gearmánaigh, agus de réir an taighde a rinne an scoláire Manannach George Broderick ar stair na gluaiseachta náisiúnaíche i Manainn, bhí níos mó ná báúlacht i gceist. Faoin am céanna a raibh Mona Douglas ag béaloideasóireacht, bhí baicle de scoláirí Ceilteacha ag obair faoi cheannas [[Ludwig Mühlhausen]] do lárionad taighde an [[SS]], agus iad ag cur an-spéise in Oileán Mhanann mar áit ina bhféadfadh an Ghearmáin leas a bhaint as an náisiúnachas áitiúil le dochar a dhéanamh don [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Bhí saineolaí ar leith ag an [[SS Ahnenerbe|Lárionad]] le ceisteanna Ghaeilge Mhanann agus Oileán Mhanann a phlé, mar atá, [[Gerhard von Tevenar]], agus é chomh heolach ar chúrsaí an oileáin is gur léir go raibh cairde nó lucht teagmhála aige i Manainn féin.[http://www.gaelg.iofm.net/ARTICLE/Broderick/THREE.html]
 
Mar sin, is dócha go raibh daoine i ngluaiseacht na Manainnise agus iad fonnmhar chun comhoibriú leis na Gearmánaigh. Má bhí féin, áfach, ní bhfuair siad áiméar riamh leis sin a dhéanamh, agus mar sin, sheachain cúis na Manainnise an líomhain faoi fhealltóireacht agus faoi Fhaisisteachas a chuir isteach go mór mór ar ghluaiseacht athbheochana na Briotáinise i ndiaidh an chogaidh.
 
==== I nDiaidh an Dara Cogadh Domhanda ====
 
Sna blianta iarchogaidh, ba é [[Douglas Fargher]] a bhí ina rúnaí ar Yn Çheshaght Ghailckagh agus ina fhear mór gluaiseachta. Sa bhliain [[1952]], d'eisigh sé achainí ar mhuintir Mhanann an teanga a fhoghlaim agus a shaothrú, agus níos déanaí, i ndiaidh seal a chaitheamh thar lear, bhí sé an-ghníomhach ag réiteach leabhar don chló agus ag athfhoilsiú seanleabhar Manainnise. Sna seachtóidí a thosaigh na hOícheanta Gaelacha (''Oieghyn Gailckagh''), is é sin, cruinnithe tráthrialta d'fhoghlaimeoirí Manainnise a chuir ar a gcumas labhairt na teanga a aclú.
 
=== Aitheantas Oifigiúil ===
Níor cuireadh an Mhanainnis ar fáil sna scoileanna roimh an mbliain [[1974]]. Ar dtús, ní raibh ann ach sórt caitheamh aimsire taobh amuigh den churaclam, ach sa bhliain [[1982]], forbraíodh an chéad scrúdú caighdeánaithe (GCE O-Level) sa Mhanainnis.
 
==Tagairtí==
== Naisc sheachtracha ==
{{reflist}}
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.beo.ie/index.php?page=thall_is_abhus&content_id=651 "Manainn: ar leic an dorais ach i bhfad i gcéin", alt sa nuachtán Beo.]
* [http://www.ycg.iofm.net/ Yn Çheshaght Ghailckagh]