An difríocht idir athruithe ar: "Géineolaíocht"
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: ky:Генетика |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 8:
Síleadh riamh anall go bhfaigheann orgánaigh tréithe le hoidhreacht agus gur féidir tairbhe a bhaint as seo chun feabhas a chur ar phlandaí agus ainmhithe. Ach ba é Gregor Mendel ba thúisce a rinne taighde eolaíoch ar an [[oidhreachtúlacht]], obair a thosaigh i lár an 19ú haois. <ref name=Weiling>{{cite journal |pmid=1887835| doi=10.1002/ajmg.1320400103 |year=1991 |last1=Weiling |first1=F |title=Historical study: Johann Gregor Mendel 1822–1884. |volume=40 |issue=1 |pages=1–25; discussion 26 |journal=American journal of medical genetics}}</ref> Cé nár thuig sé bunús fisiciúil na hoidhreachta, thug Mendel faoi deara go bhfaigheann orgánaigh tréithe le hoidhreacht trí aonaid oidhreachtúla a dtugtar géinte orthu anois.
Freagraíonn na géinte do réigiúin áirithe laistigh den [[DNA]], móilín
Cé gur mór an bhaint atá ag na géinte le cruth agus le hiompar orgánach, ní mór taithí na n-orgánach a chur san áireamh freisin chun an scéal iomlán a thuiscint.
Líne 20:
D’eascair an ghéineolaíocht ó obair [[Gregor Mendel]], eolaí agus [[Agaistíneach]] a rinne taighde ar oibriú na hoidhreachta i bplandaí. Sa bhliain 1865 léigh sé a pháipéar "Versuche über Pflanzenhybriden" (“Trialacha i Hibridiú na bPlandaí”) i láthair an ''Naturforschender Verein'' (“Cumann an Taighde Nádúrtha”) in Brünn. Rianaigh Mendel tréithe áirithe a fuair pónairí le hoidhreacht agus chuir síos orthu go matamaiticiúil. <ref>Blumberg, Roger B.. Mendel's Paper in English : http://www.mendelweb.org/Mendel.html</ref> Ní raibh an patrún oidhreachta seo le haithint ach ar roinnt bheag plandaí, agus chuir obair Mendel in iúl gur rud cáithníneach í an oidhreachtúlacht seachas rud fáltais, agus gurbh fhéidir patrúin oidhreachtúla mórán plandaí a mhíniú le rialacha agus cóimheasa simplí.
Níor tháinig eolaithe eile ar shaothar Mendel go dtí na 1890í agus iad ag déanamh taighde den saghas céanna. Ba é [[William Bateson]], duine de lucht leanúna Mendel, a chum an focal ''genetics'' sa bhliain 1905.<ref>genetics, ''n.'', [[Oxford English Dictionary]], 3rd ed.</ref><ref>http://www.jic.ac.uk/corporate/about/bateson.htm: Letter from William Bateson to Alan Sedgwick in 1905. The John Innes Centre.</ref> (Tháinig an aidiacht ''genetic''
Thosaigh eolaithe ag obair faoi anáil Mendel agus iad ag iarraidh teacht ar na móilíní sa chill a bhí freagrach as oidhreacht. Sa bhliain 1910 mhaígh [[Thomas Hunt Morgan]] go bhfuil géinte ar chrómasóim agus é ag cuimhneamh ar shóchán súl bán a bhain le gnéas i gcuileanna torthaí ([[Drosophila melanogaster]]).<ref>Moore, John A.. ‘Thomas Hunt Morgan—The Geneticist,’ ''Integrative and Comparative Biology'', Volume 23, Issue 4, 1983, lch 855</ref> Sa bhliain 1913 bhain a dhalta [[Alfred Sturtevant]] feidhm as an [[nascadh géiniteach]] chun a thaispeáint go bhfuil géinte cóirithe ina línte ar an gcrómasóm.<ref>Sturtevant, A.H. (1913). ‘The linear arrangement of six sex-linked factors in Drosophila, as shown by their mode of association,’ ''Journal of Experimental Biology'', Volume 14, lgh 43–59: http://www.esp.org/foundations/genetics/classical/holdings/s/ahs-13.pdf</ref>
Líne 37:
Tugtar [[géinitíopa]] ar [[hailléil]]í orgánaigh agus tugtar [[feinitíopa]] ar thréithe infheicthe an orgánaigh. I gcás organaigh atá heitrisigeach sa lócas géiniteach, is minic a deirtear go bhfuil ailléil amháin “ceannasach,” ó tá a cuid tréithe chun tosaigh san fheinitíopa, agus go bhfuil an ceann eile “cúlaitheach,” mar nach féidir a cuid tréithe a fheiceáil.
Tá ailléilí ann nach bhfuil ceannas iomlán acu agus a chuireann ceannas easnamhach in iúl trí mheánfheinitíopa
Nuair a shíolraíonn dhá orgánach go gnéasach, faigheann a sliocht ceann den dá ailléil
== Réimsí taighde ==
|