An difríocht idir athruithe ar: "Tomás de Bhaldraithe"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 9:
Bhí sé ina shaineolaí mór ar chanúintí Chonamara, agus d'fhoilsigh sé monagraf faoi Ghaeilge Cois Fharraige, arbh í teanga dhúchais Mháirtín Uí Chadhain í: ''Gaeilge Chois Fhairrge: Deilbhíocht''. Déanta na fírinne, is féidir a fheiceáil ar a fhoclóir go raibh an chanúint sin aige thar aon chineál Gaeilge eile, nó i gcupla áit, deir sé ''ar rinne'' nó ''níor rinne'', in áit ''an ndearna'' nó ''ní dhearna'' an Chaighdeáin. Réitigh sé don chló leabhair ar nós ''Seanchas Thomáis Laighléis'', ar leabhar dírbheathaisnéisiúil í le cainteoir dúchais ó Oirthear na Gaillimhe, nó ''Cín Lae Amhlaoibh'', leagan giorraithe de dhialann cháiliúil Amhlaoibh Uí Shúilleabháin, atá oiriúnach do na gnáthléitheoirí.
 
[[Catagóir:Gaeilge|de Bhaldraithe, Tomas]]