An difríocht idir athruithe ar: "Iaguar"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag suimiú: el:Ιαγουάρος
gramadach
Líne 27:
Tháinig ainm an iaguair ón [[An Ghuaráinis|nGuaráinis]] nó ó theanga eile de chuid na fine [[Tupi-Guaraní]]. Is minic a thugtar ''el tigre'' - tíogar - ar an iaguar i dtíortha Mheiriceá Theas.
 
Bíonn an t-iaguar idir 56 agus 96 [[cileagram|chileagram]] ar meáchan, de ghnách, cé go bhfuil iaguar fireann ar taifead a bhí 160 kg ar meáchan, agus is féidir teacht ar iaguair bhaineanna aris lú ná seo. Bíonn an baineannach 10-20 % níos lú ná an fireannach. Bíonn an t-iaguar ag dul i méid ó dheas, agus na hiaguair choille níos mó ná na hiaguair mhachaire.
 
Bíonn fionnadh an iaguair buí, flannbhui nó dearg, agus é lán spotaí dubha ar dhéanamh fáinne. Bíonn spotaí beaga taobh istigh de na fáinní seo, agus is ar na spotaí sin is fusa an t-iaguar a aithint thar an liopard. Bíonn iaguair dhubha ann freisin, ach an té ar féidir leis súil cheart a chaitheamh ar fhionnadh an iaguair dhuibh aithneoidh sé go mbíonn fáinní agus spotaí ar an gcineál sin iaguair freisin. Iaguair dhubha iad sé faoin gcéad de na hiaguair go léir, nó iaguar amháin as gach seacht gceann déag.