An difríocht idir athruithe ar: "Proinsias Mac an Bheatha"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir Gaeilge ab ea '''Proinsias Mac an Bheatha'''. Bhí lámh aige i mbunú an nuachtáin Ghaeilge ''[[Inniu]]'' i [[1943]], agus é ina dhuine de bhunaitheoirí [[Glúin na Buaidhe|Ghlúin na Buaidhe]] freisin, i ndeireadh na bliana [[1942]]. Bhí baint aige le bunú [[Foilseacháin Náisiúnta TeoreantaTeoranta]] sa bhliain [[1947]]. Is iad beathaisnéis [[Shéamuis Uí Chonghaile]] ''Tart na Córa'' (1962), an díolaim aistí ''[[Seosamh Mac Grianna agus cursaí eile]]'' (1970) agus an t-[[úrscéal]] stairiúil ''Cnoc na hUamha'' na leabhair is tábhachtaí a tháinig óna pheann. Scríobh sé leabhair dírbheathaisnéise freisin, ''Téid focal le Gaoth'' (1967) agus ''Téann buille le cnámh''(1983), chomh maith le ''I dTreo na Gréine'' (1988), leabhar aistí dírbheathaisnéisiúla ina dtugann sé cur síos ar stair na hirise [[Inniu]] agus ar an dóigh ar tháinig deireadh léi. Is é is ábhar don leabhar staire ''Dóchas Aduaidh'' ná bunú na [[Cumann na nÉireannach Aontaithe|nÉireannach Aontaithe]]. Rinne sé taighde ar dhuine de laochra an Éirí Amach sa bhliain 1798, Jemmy Hope, agus tháinig an leabhar ''Jemmy Hope - an Chéad Sóisialaí Éireannach'' i gcló sa bhliain 1985 . Bhí an-mheas aige ar scríbhneoirí Thír Chonaill mar [[Séamus Ó Grianna|Shéamus Ó Grianna]], agus ar feadh tamaill, bhí sé mór lena dhearthair [[Seosamh Mac Grianna]]. Bhí sé ag iarraidh aithris a dhéanamh ar stíl scríbhneoireachta na beirte sin ina chuid saothar féin. Ní raibh an [[Gaeilge|Ghaeilge]] ó dhúchas aige féin, nó rugadh is togadh sna Sé Chontae é go dtí go raibh sé ina dhéagóir.
 
Tá cartlann de chuid Mhic an Bheatha le fáil do scoláirí "bona fide" i Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin, Ollscoil na hEireann, Gaillimh: http://archives.library.nuigalway.ie/cgi-bin/tabbedlist.cgi?G40.