An difríocht idir athruithe ar: "An Fhionlainn"

9 bytes added ,  14 bliain ó shin
m
m (robot Adding: als:Finnland, bar:Finnlånd)
==Daoine==
Tá 5.211 milliún duine sa tír, tuairim is 556,330 acu i gcathair [[Heilsincí]] agus 1.2 milliún sa mhórchathair. Is í [[Túrcú]] in iardheisceart na tíre an dara chathair is mó, agus ba í príomhchathair na tíre go dtí go ndearna dóiteán mór léirscrios air i dtús na naoú haoise déag. B'ansin a hathraíodh an phríomhchathair go Heilsincí.
Labhraíonn 93% den daonra [[Fionlannais]], teanga nach mbaineann leis an gclann Inda-Eorpach. Is teanga de chuid [[Finne-Úgrach|teangacha Finne-Úgracha]] atá ann. Tá [[Sualainnis]] ó dhúchas ag 6% de dhaonra na tíre, agus de ghnáth ní meastar gur de náisiún eile ''Sualannaigh na Fionlainne'', mar a thugtar orthu. Labhraíonn na Sami nó na Laplaigh teanga Fhinne-Úgrach dá gcuid féin.
Meastar go bhfuil [[sauna]] in aghaidh gach triúir sa tír, agus is gnách sauna a bheith i ngach teach nó árasán. Tá tithe saoire ag go leor daoine, go minic sna ceantair cois locha in oirthear na tíre. Tá caighdeán an-ard maireachtála sa tír, agus áirítear córas [[oideachas|oideachais]] na Fionlainne ar an gceann is fearr ar domhan. Tá [[ríomhaire|ríomhairí]] pearsanta ag 64% de theaghlaigh, agus ceangal idirlín ag 51%. Tá [[guthán soghluaiste|gutháin soghluaiste]] ag 95% de theaghlaigh.
 
1,676

edits