Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
 
Líne 75:
== Halló! ==
Haigh a Mheabhair, agus GRMA do na h-aistrithe a rinne tú ar mo leathanach, tá siad ceart go leor domsa. Is maith a rud é go bhfuil tú ar ais ag cur eolas nua isteach sa Vici, lean ar aghaidh leis an dea-obair! --[[Úsáideoir:An Tóin Mór|An Tóin Mór]] 08:59, 14 Samhain 2006 (UTC)
 
==An dóigh a n-úsáidtear "agus" sa Ghaeilge==
 
A Mheabhar, rinne tú an mionathrú seo ar an leathanach faoi Chonradh na Gaeilge:
 
Eagraíocht is ea é Conradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a choinneáil á labhairt agus a chur i mbéal na ndaoine in Éirinn arís, agus an meath '''tubaisteach''' a tháinig uirthi sa 19ú haois '''a stop'''.
 
Roimh aon rud eile, ba mhaith liom a rá gurb é "stopadh" agus ní "stop" an leagan caighdeánta d'ainmfhocal bhriathartha an bhriathair úd "stop". Tá a fhios agam go maith gurb iomaí cainteoir dúchais a d'úsáidfeadh "...a stop", agus níl aon locht agam féin air, ach sílim gur chóir dúinn an caighdeán a úsáid, nó na foirmeacha a thugann foclóir Uí Dhónaill mar phríomhfhoirmeacha. Níl mé féin róshásta le gach gné den Chaighdeán, agus ba leasc liom canúint Chúige Uladh a chur i leataobh, ach géillim nach féidir le gach duine cloí lena chanúint féin.
 
Rud eile fós: is é mo thuairim ná nach bhfuil "a stop[adh]" ag teastáil san abairt thuasluaite ar aon nós. Is minic a d'fheicfeá an cineál sin abairtí uireasacha ag scríbhneoirí Gaeilge ón nGaeltacht, ar lorg "agus". Is é is brí leis ná "an Ghaeilge a chur i mbéal na ndaoine arís, LE TAOBHSHÚIL AR an meath a tháinig uirthi", nó "I bhFIANAISE AN DÓIGH ar tháinig meath uirthi."
 
Tá a fhios agam nach mise an t-údarás is airde amuigh ar chúrsaí na comhréire Gaeilge, ach creid uaim gurb é seo an dearcadh bona fide atá agam ar dhul nádúrtha na bhfocal sa Ghaeilge. Is féidir liom samplaí Gaeltachta d'úsáid seo an "agus" a chur ar fáil duit, más mian leat. [[Úsáideoir:Panu Petteri Höglund|Panu Petteri Höglund]] 12:03, 14 Samhain 2006 (UTC)