An difríocht idir athruithe ar: "Polaitíocht"

Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 17:16, 13 Eanáir 2005

Próiseas agus modh na cinnteoireachta i measc daoine. Baineann sé le gach gné don idirghníomhaíocht i ngrúpaí, i gcúrsaí gnó, acadúla, creidimh agus rialtóireachta. Ó cuireadh eagar ar dhaoine an chéad lá ba ghá dóibh dualgaisí agus pribhléidí a roinnt eatarthu agus ba chuid nádúrtha den éabhlóid é go mbeadh iomaíocht agus comhoibriú ann. De réir mar a d'éirigh na grúpaí daoine níos sofaisticiúla cuireadh tús le ceirdeanna speisialta ar nós sagairt, dlíodóirí, bailitheoirí cánach, riarthóirí agus mar sin de agus d'fhorbairt córais éagsúla chun an comhoibriú agus an iomaíocht eatarthu a choinneáil faoi smacht. Is ón bhfocal Gréigise 'polis' a thig 'polaitíocht', rud a léiríonn chomh lárnach is atá an chathair mar ionad polaitiúil. De ghnáth is i gcomhthéacs riarachán rialtais a phléitear an pholaitíocht inniu.