Nuair a [[Teitheadh na hIarlaí|theith na hIarlaí]] i [[1607]] tar éis chogadh fhada in aghaidh na [[Sasana]]ch, tugadh an caisleán agus a thailte don Sasanach [[Basil Brooke]], mar chuid de [[Plandáil Uladh|Phlandáil Uladh]]. Rinneadh an baile a leagan amach le cearnóg ina lár ar a dtugtar an Diamaint.
== Inniu ==
tá dún na ngall deas
Is ionad mór turasóireachta é an baile anois, é suite ag bun na gCruacha Gorma, agus in aice le cuid mhór tránna a mbíonn daoine ag tonnmharcaíocht orthu. Tá traidisiún láidir fíodóireachta sa bhaile agus sa cheantar máguaird, agus an-cháil ar chomhlacht Magee. Is ann atá ceannáras an nuachtáin an Donegal Democrat.
Tá Gaelscoil sa bhaile le tamall beag de bhlianta.