An difríocht idir athruithe ar: "Aodh Dubh Ó Néill"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
No edit summary
Líne 1:
Nia le hEoghanh[[Eoghan Rua Ó Néill]] ab ea '''Aodh Dubh''', 1611–1660[[1611]]–[[1660]], agus mac le hArth[[Art Óg Ó Néill]]. Sa Bhruiséil, in Ísiltír an Spáinne, a rugadh é. Eisean a bhí i gceannas ar chosaint Chluain Meala nuair a d'ionsaigh [[Cromwell]] an baile lena 10,000 saighdiúir ón "Model Army", is ní dhéanfadh Cromwell dearmad air go brách.
 
In aon lá amháin troda an 8 Bealtaine, [[1650]], chaill Cromwell breis is 3,000 saighdiúr, níos mó ná an líon a chaill sé le linn 10 mbliana cogaíochta i Sasana sa chogadh chathartha in aghaidh an rí Charles I. De bharr shár-oirbheartaíocht Uí Néill a chaill Cromwell a chuid saighdiúirí, mar ba shaighdiúr gairmiúil Aodh Dubh, a fuair chuid taithí mhíleata sna cogaí iomadúla in Ísiltír na Spáinne. An lá dár gcionn, nuair a thóg Cromwell Cluain Meala, bhí Aodh Dubh agus a 1,200 saighdiúr imithe thar abhainn na Siúire.
 
Níor bhuail Cromwell le hAodh Dubh riamh arís, ach mhair Aodh Dubh chun a bheith i gceannas ar chosaint Luimnigh ar nia Cromwell, Henry Ireton, i 1650-51. D'éirigh leis an gcosaint sa chéad ionsaí a dhein na Sasanaigh ar Luimneach i 1650, agus bhí ar Ó Néill géilleadh i 1651 mar bhí daonra na cathrach ag fáil bháis den ocras is den ghalar. Nuair a ghéill Luimneach, deineadh príosúnach d'Aodh Dubh, ach dhein sé é féin a chosaint chomh maith sin nár crochadh é, mar a tharlaíodh le ceannairí eile na nGael sa tréimhse chorraithe úd. Cuireadh go Londain é, marar chaith sé cúpla bliain sa phríosún i dTúr Londan.
 
Scaoileadh saor é nuair a léirigh Ambasadóir na Spáinne go Sasana gur ghéillsineach Spáinneach é Aodh Dubh. Chuaigh sé chun na Spáinne, marar ceapadh ina ghinearál airtléire é, is marar chuir sé éirí amach sa Chatalóin faoi chois. D'aithin an Spáinn mar 5ú Iarla Thír Eoghain é. I 1660, agus Charles II ar ais mar rí ar Shasana, dhein Aodh Dubh iarratar go dtabharfaí ar ais tailte a shinsear i dTír Eoghain dó, ach dhiúltaigh an rí Sasanach dá iarratas, agus fuair sé bás níos déanaí an bhliain sin.
 
 
[[Catagóir:Breitheanna 1611]]
 
[[Catagóir:Básanna 1660]]
 
[[Catagóir:]]