An difríocht idir athruithe ar: "Aodh Dubh Ó Néill"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Nia le h[[Eoghan Rua Ó Néill]] ab ea '''Aodh Dubh''', [[1611]]–[[1660]], agus mac le h[[Art Óg Ó Néill]]. Sa [[Bhruiséil]], in Ísiltír an Spáinne, a rugadh é. Eisean a bhí i gceannas ar chosaint [[Cluain Meala|Chluain Meala]] nuair a d'ionsaigh [[OliverOilibhéar CromwellCromail]]]] an baile lena 10,000 saighdiúir ón "Model Army", is ní dhéanfadh Cromwell dearmad air go brách.
 
In aon lá amháin troda an [[8 Bealtaine]], [[1650]], chaill Cromwell breis is 3,000 saighdiúr, níos mó ná an líon a chaill sé le linn 10 mbliana cogaíochta i [[Sasana]] sa chogadh cathartha in aghaidh an rí [[Charles I]]. De bharr shár-oirbheartaíocht Uí Néill a chaill Cromwell a chuid saighdiúirí, mar ba shaighdiúr gairmiúil Aodh Dubh, a fuair chuid taithí mhíleata sna cogaí iomadúla in Ísiltír na Spáinne. An lá dár gcionn, nuair a thóg Cromwell Cluain Meala, bhí Aodh Dubh agus a 1,200 saighdiúr imithe thar abhainn na [[An tSiúr|Siúire]].