An difríocht idir athruithe ar: "Skagerrak"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'right|thumb|250px|Skagerrak agus Kattegat Is é '''Skagerrak''' caolas a ritheann idir cósta thoir theas [[an Iorua|na hI...'
 
Líne 28:
Is gnáthóg é Skagerrak do thuairim is 2000 speiceas muirí, agus tá roinnt mhaith acu curtha in oiriúint dá uiscí. Mar shampla, sceitheann cineál troisc Atlantaigh, ar a dtugtar trosc Skagerrak, amach ó chósta na hIorua. Tá na huibheacha buacach agus bíonn na hóga á mbeathú féin ar zóplanctón. Téann na hóga go tóin poill, áit ina bhfuil timthriall lánaibíochta níos giorra acu (2 bliana). Ní imircíonn siad ach fanann siad i bhfiordanna na hIorua.
 
Cothaíonn cineál na ngáthóg agus líon mór na bplanctón ar an dromchla beathra muirí. Bogann fuinneamh ó bhun go barr de réir dhréimire na n-imircí de chuid Vinogradov; sin le rá, tá cuid de na speicis beantach agus tá cuid acu peiligeach, ach tá sraitheanna muirí ann atá grádaithe ina mbogann speicis go hingearach ar ghearrthurais. Ina theannta sin, tá ceann de na speicis beantoipeiligeach, rud a chiallaíonn go mbogann siad idir an dromchla agus an tóin poill. Áirítear sna speicis bheantacha ''Coryphaenoides rupestris'', ''Argentina silus'', ''Etmopterus spinax'', ''Chimaera monstrosa'' agus ''Glyptocephalus cynoglossus.'' Bíonn ''Clupea harengus'', ''Scomber scombrus'' agus ''Sprattus sprattus'' ar barr. Is iad ''Pandalus borealis'', ''Sabinea sarsi'', ''Etmopterus spinax'' ceann de na speicis a bhogann i lár báire.
 
[[af:Skagerrak]]