An difríocht idir athruithe ar: "Tomás Ó Cléirigh"

Content deleted Content added
Luathshaol
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Thomas Clarke the brave.jpg|thumb|right|ThomasTomás ClarkeÓ Cléirigh]]
Réabhlóidí [[Éire]]annach ba ea '''Tomás Séamus Ó Cléirigh''' ([[11 Márta]], [[1857]] - [[3 Bealtaine]], [[1916]]), nó ''Thomas James Clarke'' as [[Béarla]]. Dar le go leor daoine ba eisean ba mhó a chuir dlús le h[[Éirí Amach na Cásca]] a bheartú agus a chuir i gcrích, agus é ar an chéad cheannaire a shínigh [[Forógra na Poblachta]]. Chreid sé go hiomlán gur le lámh láidir amháin a bhrisfí a nasc leis an Bhreatain, agus chaill sé cúig bliana déag dá shaol faoi ghlas dá bharr.
 
==Luathshaol==
Rugadh Tomás Ó Cléirigh ar [[Inis Iocht]], áit ina raibh a athair lonnaithe mar shaighdiúir in Arm na Breataine. Éireannaigh ó dhúchas a bhí ina thuismitheoirí James Clarke ó [[Carraig Álainn|Charraig Álainn]] i g[[Contae Liatroma]] agus Mary Palmer ó [[Contae Thiobraid Árann|Chontae Thiobraid Árainn]]. Aistríodh an clann chuig an Afraic Theas agus é ina bhuachaill aon bhliain d'aois. Níor fhilleadar ar Éirinn go dtí go raibh seacht mbliana slánaithe ag Tomás, agus d'fhás sé aníos i n[[Dún Geanainn]], [[Contae Thír Eoghain]].
 
Baile a bhí i lár an aonaigh ó thaobh cur in aghaidh na Breataine leis na gcianta a bhí in n[[Dún Geanainn]], agus lorg an Ghorta Mhóir fágtha fós go tréan air. Bhíodh na hÉireannaighh[[Éireannaigh Aontaithe]] an-ghníomhach sa cheantar, agus na [[Fíníní]] ag teacht sna salaí orthu. Níorbh fhada go músclaíodh a chuid suime sa pholaitíocht agus i gcúrsaí talún. Agus an aois cheart bainte amach aige, chuaigh sé isteach i [[Bráithreachas na Poblachta]] gan mhoill.
 
Cumann rúnda a bhí sa Bhráithreachas, agus é meáite ar leas a bhaint as foréigean chun riail na Breataine a ruaigeadh agus poblacht Éireannach a bhunú ina áit. Tháinig eagraí náisiúnta an chumainn John Daly ar chruinniú i nDún Geanainn, agus b'ann a bhuail an Cléireach leis don chéad uair. Chuaigh Daly agus a chuid smaointí go mór i bhfeidhm air, agus rinneadh ball den Bhráithreachas de tamall gearr ina dhiaidh. Faoi na 1870idí, ball dílis agus daingnithe go smior a bhí sa Chléireach agus áit glactha aige i gcroílár ghníomhaí an chumainn.
 
Chaith sé cúig bhliana déag i b[[Priosún Pentonville]] i [[Sasana]], ó [[1883]] go [[1898]], faoi go raibh sé bainteach le hiarrachtaí Sasana a bhuamáil. Bhunaigh sé an Chomhairle Mhíleata a cheap Éirí Amach na Cásca. Cuireadh chun báis é os comhair scuad lámhaigh ar an 4 Bealtaine 1916.