An difríocht idir athruithe ar: "Foras na Gaeilge"
Content deleted Content added
Eomurchadha (plé | dréachtaí) No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 13:
Is é '''Foras na Gaeilge''' an eagraíocht a bunaíodh chun an [[Gaeilge|Ghaeilge]] a chur chun cinn i mí na [[Nollaig|Nollag]], [[1999]], de réir [[Comhaontú Aoine an Chéasta|Chomhaontú Aoine an Chéasta]]. Ghlac an eagraíocht nua seo cúraimí eagraíochtaí stáit i b[[Poblacht na hÉireann]] a bhí ann roimhe - [[Bord na Gaeilge]], [[An Gúm]] (Foilsitheoirí) agus An Coiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus aistríodh na foirne agus a ngníomhaíochtaí ar fad chuig an gcomhlacht nua. De réir an Chomhaontaithe, tá Fóras na Gaeilge freagrach as cur chun cinn na teanga i d[[Tuaisceart na hÉireann]] freisin. Chomh maith le sin, tá an Foras ann chun comhairle a thabhairt don dá rialtas, do chomhlachtaí agus do ghnáthdaoine faoi chúrsaí [[Gaeilge]].
Is iad seo a leanas na freagrachtaí
* an Ghaeilge a chur chun cinn;
* úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Phoblacht agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann;
* comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach;
*tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá;
*taighde, feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh;
*téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt;
*
== Naisc sa Vicipéid ==
|