An difríocht idir athruithe ar: "Cabála"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Is éard atá i gceist leis an g'''Cabála''' ná disciplín nó scoil smaointeoireachta a chuireann béim ar leith ar thaobh misteach an Ghiúdachais Raibínigh, is é sin, ar an teagasc misteach a fhaightear i scríbhinní áirithe diamhra nach nglactar leo mar chuid de chanóin [[an Giúdachas|an Ghiúdachais]] cé go bhfuil baint acu leis an traidisiún Giúdach. Ní féidir a rá gur sainchreideamh nó sainaicme chreidimh é an Cabála, nó bíonn dreamanna éagsúla [[creideamh|creidimh]] ag tarraingt ar an litríocht Chabálach, agus difríochtaí móra idir na cineálacha éagsúla Giúdachais ó thaobh an Chabála de. Is iad na Giúdaigh Hasadacha - saindream misteach creidimh a tháinig ar an bhfód san ochtú haois déag faoi cheannas an raibí [[An Úcráin|Úcránaigh]] Baal Shem Tov - is mó a dhéanann staidéar ar na téacsaí Cabalacha, agus scríobh smaointeoirí Hasadacha a lán ábhair nua den chineál seo.
 
Iad siúd a bhíonn ag plé leis an gCabala deir siad gurb í an eochair a mhíneoidh fíor-theachtaireacht an tSean-Tiomna. Cuireann siad béim ar chomh furasta agus atá sé an chiall mhícheart a bhaint as an gCabalagCabála, agus go traidisiúnta, ní raibh cead ach ag daoine meánaosta agus níos sine staidéar a dhéanamh ar an ábhar Cabalach. Chaithfidís bheith eolach ar na téacsaí Giúdacha eile, cosúil leis an Sean-Tiomna agus [[an Talmúd]], sula gcromfaidís ar an gCabala.
 
Inniu, áfach, glactar leis gurb í an popamhránaí [[Madonna]] an duine is cáiliúla a bhíonn ag plé leis an gCabala. Fuair sise agus a lán daoine cáiliúla eile i g[[California]] an chéad aithne ar an gCabala tríd an ''Kabbalah Centre'', ionad teagaisc i [[Los Angeles]]. Ba iad an raibí Philip Berg agus a bhean chéile Karen a bhunaigh an t-ionad seo, agus iad barúlach nár chóir an Cabala a choinneáil ceilte ar aon duine, smaoineamh nach dtaitníonn le húdaráis sheanbhunaithe an reiligiúin Ghiúdaigh.