An difríocht idir athruithe ar: "An Daonnachas"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[File:Happyman.svg|thumb|rightupright|50px60px| Lógó Daonnachach "An duine sona".]]
Is corpas d'fhealsúnachtaí agus de pheirspictíochtaí eiticiúla é '''an Daonnachas''' a leagann béim ar luach an duine, ina n-aonar agus le chéile, agus go ginearálta bíonn tábhacht níos mó a chur ar réasúnú réasúnach ná ar chreideamh daingean nó ar chloí le prionsabal. Le linn tréimhse an [[Renaissance]] in Iarthar na hEorpa rinne gluaiseachtaí na ndaonnachaithe iarracht tairbhe an léinn ó na foinsí clasaiceacha, agus réamh-Chríostaí a léiriú, a bhí roimhe sin, neamh-fhaofa ag an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach]]. Sna linne seo, tá go leor gluaiseachtaí daonnacha ailínithe go láidir leis an [[an tAindiachas|aindiachas]], agus úsáidtear an téarma 'An Daonnachas' go minic mar fhorfhocal, i gcomhair na gcreideamh neamh-dhiachúil, faoi smaointe faoin ngré spioradálta, mar shampla brí agus cuspóir na beatha.Is féidir leis an téarma "An Daonnachas" bheith débhríoch, agus bíonn mearbhall leanúnach ann idir na húsáidí éagsúla a bhaintear as an téarma toisc go raibh baint ag ghluaiseachtaí éagsúla intleachtúla leis thar na bliantaibh.
San fhealsúnacht agus sna [[Eolaíocht shóisialta|heolaíochtí sóisialta]], tagraíonn "An Daonnachas" do pheirspictíoch a dhearbhaíonn coincheap áirithe de "nádúr an duine" (i gcodarsnacht leis an Fhrith-dhaonnachas). Díorthaíonn an focal "daonnachaí " as an focal "umanista", téarma Iodáilise de chuid an 15ú haois, a dhéanann cur síos ar mhúinteoir nó scoláire na litríochta clasaiceacha Gréigise agus Laidine agus an fhealsúnacht eiticiúil taobh thiar dí (lena n-áirítear an cur chuige daonnachtaí).
Líne 8:
Déanann "an Daonnachas" cur síos ar an idé-eolaíocht saolta a ghabhann leis an réasún, an eitic, agus an cheartas, agus a ndiúltíonn go sonrach smaointe osnádúrtha agus creidimh mar bhonn leis an mhoráltacht agus le chinntí a dhéanamh. D'eascair an daonnachas reiligiúnach as eagraíochtaí reiligiúnacha liobrálacha a d'fhorbair i dtreonna daonnachaíocha níos mó. Is éard is an daonnachas reiligiúnachh ná comhtháthú ar leith d'fhealsúnacht eiticiúil dhaonnachaíoch leis na deasghnátha agus creidimh de roinnt reiligiún faoi leith, cé go bhfuil an daonnachas reiligúnach dírithe fós ar riachtanais, spéiseanna agus cumais an duine.
 
{{DEFAULTSORT:Daonnachas, An}}
[[Catagóir: An Eipistéimeolaíocht]]
[[Catagóir: An tSaorsmaoineamh]]
[[Catagóir: An Daonnachas | *An Daonnachas]]
[[Catagóir: Gluaiseachtaí Fealsúnachta | *]]
[[Catagóir: Fealsúnacht na Beatha]]
[[als:Humanismus]]