An difríocht idir athruithe ar: "Iúil Caesar"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: lez:Юлий Цезарь
Eusc (plé | dréachtaí)
Líne 45:
Ba é an chéad phost tábhachtach a bhí ag Caesar taobh amuigh den Róimh ná próphraetóireacht na [[An Spáinn|Spáinne]]. Chuir sé cogadh fíochmhar ar na hIbéirigh, rud a thuill clú an straitéiseora dó agus a chuidigh leis bail a chur air féin i gcúrsaí airgid, rud ba ghá agus é chomh báite sin i bhfiacha. Bhí sé in inmhe, mar sin, cur isteach ar an bpost ab airde i gcóras riaracháin na Róimhe, is é sin, an chonsalacht.
 
Is iomaí Seanadóir a bhí míshásta le saint Chaesar sa chonsalacht, agus leis an ród a réiteach roimhe chuaigh Caesar i bpáirt le beirt sárachán eile, mar atá, [[Marcus Licinius Crassus]] agus [[Cnaeus Pompeius Magnus]]. Ba í seo an chéad [[Triúracht]], nó "an t-arrachtach tríchloigneach", mar a dúirt Varro. Tháinig an t-airgead (Crassus), an oirbheartaíocht mhíleata (Pompeius) agus an tionchar polaitiúil (Caesar) le chéile sa triúracht seo. Leis an gceangal a dhaingniú, phós Pompeius iníon Caesar, Iulia.
 
Bhí an triúracht in ann an chonsalacht a bhaint amach do Caesar sa bhliain 59 r. Chr. Bhí cuid mhór de na Seanadóirí ag cur ina aghaidh mar sin féin, agus d'fhéach siad fiú le hé a chur as a phost trí tháinseamh. Ós rud é gur bronnadh próchonsalacht cúig bliana air le go mbeadh sé in ann cogadh a chur ar na hIllírigh agus ar na Gailligh, ní raibh seans ag a chuid naimhde an dlí a chur air mar ba mhian leo. Nuair a toghadh ina chonsal é phós sé arís. Calpurnia a bhí ar an mbrídeog, agus í ar an tríú bean chéile aige.