An difríocht idir athruithe ar: "Cabála"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 11:
* “Leabhar na Galántachta”, Soifear Há Zohár, an príomhleabhar de chuid an Chabála, a scríobh Maois de Leon sa Spáinn sa 13ú aois agus a chuirtear i leith an raibí Síomón bar Yóhaí go traidisiúnta.
* “Litríocht na bPálás” nó “Scríbhinní an Charbad Neimhe”, bailiúchán de théacsanna misteacha, scríofa in [[Eabhrais]] agus in [[Aramais]], a scríobhadh i dtír [[Iosrael]] idir an 4ú agus an 8ú aois, agus ina gcuirtear síos ar fhíseanna eacstaiseacha i dtaobh an Charbad Neimhe (Méarcáva), na bhFlaitheas, na nAingeal agus Ríchathaoir Dé.
 
Tá easaontas i measc na staraithe maidir le bunús ceart an Chabála. De réir fhoinsí an Chabála féin, thosaigh sé le hÁdhamh agus sanntar “Leabhar an Aingeal Raiziél” dó. Ansin, cuirtear i leith Abrahám go traidisiúnta an chéad leabhar eile de réir na croineolaíochta, sé sin “Leabhar an Mhúnlaithe”, Soifear Yéitsoireá, nó sin a thuairiscíonn Ginias Vilinias (Éilias bein Sleómó Zálman Creimear). I ndáiríre, scríobhadh é sa tréimhse Talmúdach, is dóigh thart ar idir 600 agus 800 IC.