An difríocht idir athruithe ar: "Peil Ghaelach"

Content deleted Content added
Líne 50:
 
=== Tús na himeartha ===
* Tosaíonn an cluiche leis an réiteoir ag caitheamh na caide suas idir naan gceathrar imreoirí lár páirce.
* Nuair a chuireann ionsaitheoir an liathróid amach thar an gcúl-líne, bronntar cic amach ar chúl báire na foirne eile ón talamh ag imeall na cearnóige. Caithfidh gach imreoir eile a bheith lasmuigh den líne 20 méadar nuair a tógtar an cic.
* Nuair a dhéanann ionsaitheoir scór, tosaíonn an cúl báire an imirt arís le cic amach ón líne 20 méadar.
* Nuair a chuireann cosantóir an liathróid amach thar a chúl-líne féin, bronntar cic saor ("45") ar an líne 45 méadar, trasna ón áit inar chuireadhcuireadh an liathróid amach.
* Nuair a chuireann imreoir an liathróid amach thar an taobhlíne, bronntar cic taobhlíne ar an bhfoireann eile ón áit inar fhág an liathróid an pháirc. Is féidir an liathróid a chiceáil ón talamh nó amach as na lámha.
* Tar éis fheallfeall a bheith á dhéanamh, bronnann an réiteoir cic saor ar an bhfoireann eile san áit ina rinneadh an feall. Tógtar an cic ón talamh nó as na lámha.
* Tar éis do chosantóir feall a dhéanamh istigh sa chearnóg mhór, bronnann an réiteoir cic pionóis ar an bhfoireann eile. Tógtar an cic ón talamh ó lár an líne 13 méadar.
* Má tá grúpa imreoirí ag streachailt don liathróid, agus mura bhfuil sé soiléir cé a rinne an chéad fheall, tá sé de rogha ag an réiteoir stad a chur leis an imirt agus an liathróid a chaith isteach arís idir bheirt.