An difríocht idir athruithe ar: "An Ghréigis"

2 bytes added ,  7 mbliana ó shin
no edit summary
m (róbat ag suimiú: vep:Grekan kel')
|iso1 = el |iso2 = gre (B) / ell (T) |iso3=ell}}
 
Is í an '''Ghréigis''' (Ελληνικά, /eliniˈka/) an [[Teangacha Ind-Eorpach|teanga Ind-Eorpach]] is sine dá maireann. Is féidir í a rianú siar go dtí an teanga a labhair cine a tháinig go dtí [[an Ghréig]] timpeall na bliana [[2000 RC]]. Chuir an dream sin cathair Micéanae ar bun agus tugadh [[na Micéanaigh]] orthu dá bhrí sin. Scríobhaidís an teanga de réir córais iaraiglifíiaraiglifigh ar nós na nÉigipteach. Bhí na Micéanaigh i mbarr a réime go dtí timpeall [[1100 RC]] nuair a tháinig meath orthu. Níl mórán eolais againn faoin teanga díreach i ndiaidh mheath na cathrach úd tar éis ionradh ón tuaisceart. Tá an ceithre chéad bliain ina dhiaidh sin doiléir. Pé scéal é, thosaigh na Gréagaigh ar [[Aibítir Ghréagach|aibítir]] a úsáid i rith na tréimhse sin. Scríobh siad a gcuid seanchais seachas é a chur ó bhéal go béal. Scríobh [[Hóiméar]] an [[Íliad]] agus an [[Odaisé]]. Tosaíonn Ré Ársa na Sean-Ghréige ag an bpointe seo.
 
{{stumpa}}
Úsáideoir gan ainm