An difríocht idir athruithe ar: "Na Cogaí Púnacha"

Content deleted Content added
Eusc (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Eusc (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[File:Map of Rome and Carthage at the start of the Second Punic War.svg|thumb|An Mheánmhuir ag tús an Dara Cogadh Púnach: {{legend|#FF5F57|An Róimh agus a gComhghuaillithe}} {{legend|#9496E8|An Chartaig agus a gComhghuaillithe}} ]]
Sraith de thrí fheachtas míleata ba ea na '''Cogaí Púnacha''' a troideadh idir [[Poblacht na Róimhe]] agus [[An Chartaig Ársa|an Chartaig]], ón bhliain [[264 RC]] go dtí [[146 RC]]. Ag an am, is dócha go raibh an méid cogaíochta inchomparáide leis na chogaidh domhanda a thárla sa chéad seo chaite. Tagann an téarma 'Púnach' ón bhfocal [[Laidin|Laidine]] ''Punicus'' (nó ''Poenicus''), rud a chiallaíonn "Cartagach", tagairt do 'shinsearacht [[An Fhéiníc|Fhéiníceach]]' na gCartagach.
Forlámhas a dh'fháil ar [[an tSicil]] - an t-oileán a bhí idir an dá impireacht- b'shin é an t-údar is mó don chéad chogadh Púnach. Bhí coilíneachtaí dá gcuid féin ag na Cartagaigh san oileán, agus bhí na Rómhánaigh ag éirí buartha faoin mbagairt mhíleata a bhí iontu. Ag tús an Chéad Chogaidh, ba leis na Chartagaigh an chumhacht cheannasach is mó in iarthar na [[An Mheánmhuir|Meánmhara]], le hImpireacht mhuirí fhorleathan acu, cé go raibh cumhacht na Róimhe ag bailiú nirt go tapa san [[An Iodáil|Iodáil]], bhí cumhacht a cabhlach lag agus easnamhach i gcomparáid leis na Chartagaigh.
Faoi dheireadh an triú chogaidh, tar éis níos mó ná céad bliain agus cailleadh na céadta míle saighdiúirí ón dá thaobh, chloígh an Róimh Impireacht na gCartach go hiomlán agus scrios siad Cathair na Cartaige, agus d'éirigh leis an Róimh bheith ina stát uilechumhachtach amáin in Iarthar na Meánmhara.
Leis deireadh na cogaí Macadónacha - a bhí ar siúl i gcomhthráth leis na Cogaí Púnacha - agus treascairt an Rí Seleucid Mór Antiochus III sa Chogadh Rómhánach-Siriach (Conradh Apamea, [[188 RC]]) san mhuir thoir, tháinig an Róimh chun chinn mar an chumhacht cheannasach sa Mheánmhuir agus ceann de na cathracha is cumhachtaí de chuid na Ré Clasaicigh. Thug bua na Róimhe ar na Chartaigh sna cogaí seo stádas oirirc di a bheadh ​​coinneáilte aici go dtí an 5ú haois AD.
==Cúlra==
 
Le linn lár na 3ú haoise RC, ba chathair mhór í an Chartaig, suite ar chósta dheisceart na Meánmhara, san áit a nglaoitear [[an Túinéis]] uirthi, san lá atá inniu ann. Bunaithe ag na [[An Fhéiníc|Féinícigh]], i lár na 9ú haoise, ba chathairstát cumhachtach talasalathach é, le líonra mór tráchtála. As na cathairstáit san Iar-Mheánmhuir, i dtéarmaí cumhachta, rachmais agus daonra de ní raibh ach céile comhraic amháin aici, sé sin an Róimh. Cé go raibh cabhlach na Cartaige ar an cheann is mó sa domhan ársa ag an am, ní raibh arm seasta buan a choimeád ar bun aici. Ina áit sin, bhraith an Chartaig den chuid is mó ar amhais, go háirithe ar [[Beirbeireach|Bheirbeirigh]] [[An Nuimid|Nuimideacha]] dúchasacha, chun a cuid chogaí a throid. Mar sin féin, ba shaoráinigh Cartagacha an chuid is mó de na hoifigigh a bhí i gceannas ar an arm. Bhain na Cartagaigh clú amach mar mhairnéalaigh den chéad scoth, agus murab ionann agus a n-arm, bhí go leor Cartagach ó na hísle aicmí san chabhlach, agus sholáthair siad ioncam cobhsaí agus gairm as dá réir sin.
 
Sa bhliain [[200 RC]] bhain [[An Róimh|Poblacht na Róimhe]] smacht amach ar leithinis na hIodáile, ar an ar an taobh ó dheas den [[An Phó|Phó]]. Murab ionann agus an Chartaig, bhí mórfhórsaí armtha catharaíonachta ag an Róimh. Ar an láimh eile, ag tús an Chéad Chogadh Púnacha, ní raibh cabhlach ar bith ag na Rómhánaigh, agus bhí siad mar sin faoi mhíbhuntáiste go dtí gur thosaigh siad ar chabhlach mór dóibh féin a thógáil, le linn an chogaidh.
 
==An Chéad Chogadh Púnach==
 
Troideadh an Chéad Chogadh Púnach ([[264 RC|264]]-[[241 RC]]) i bpáirt ar thalamh na Sicile agus na hAifrice, ach den chuid is mó ba chogadh cabhlaigh é. Thosaigh sé mar coimhlint áitiúil sa tSicil idir [[Iéro II na Sioracúise|Iéro II]] na [[Sioracús, an tSicil|Sioracúise]] agus na [[Mamartach|Mamartíní]] ó [[An Mheasána|Mhesána]]. Bhailigh na Mamartíní chucu féin cabhair ó chabhlach na Cartaige, ach ina dhiaidh, sin rinne siad feall orthu ag impigh ar Sheanad na Róimhe cúnamh a thabhairt dóibh i gcoinne na Cartaige. Sheol na Rómhánaigh garastún chun na Measáine a dhaingniú, agus mar gheall ar an feall sin, chuidigh na Cartagaigh leis na Síoracúsaigh. Anois agus an dá chumhacht in achrann lena chéile san choimhlint, d'fhormhéadaigh an teannas eatarthu go tapa go cogadh lánscála le haghaidh na Sicile a smachtú.
Tar éis an bhriste ghéir ag Cath Agrigentum sa bhliain 261 RC, shocraigh ceannaireacht na Cartaige gan a thuilleadh rannpháirtíochtaí thalamh-bhunaithe díreach le léigiúin chumhachtacha na Róimhe a bheith acu, ach díriú ar an bhfarraige áit gur chreid siad go mbeadh an buntáiste ag loingeas ollmhór na gCartach. Ar dtús , bhí an lámh in uachtar ag na Chartaigh. Sa bhliain 260 RC bhris siad ar chabhlach nua na Rómhánach ag Cath na nOileán Aeolach. D'aisfhreagair na Rómhánaigh go tapaidh, áfach, tríd a gcabhlach a mhéadú go suntasach in am an-ghearr. Laistigh de dhá mhí, bhí cabhlach de os cionn céad long cogaidh acu. Toisc go raibh a fhios acu nach bhféadfadh siad na Cartaigh a threascairt, leis na gnáth teaicticí, sé sin le reithí, chuir na Rómhánaigh an corvus, droichead ionsaithe, ar bharr a longa. Bheadh na Rómhánaigh in ann an droichead a luascadh thart chuig long an namhaid agus bheadh an spíce géar ar a bharr in ann long an namhaid a stopadh. D'fhéadfadh leigiúnaigh Rómhánacha léim ar bord ansin agus an long a ghabháil. Laghdaigh úsáid na teaictice nuálaí buntáiste chabhlach na gCartach i gcomharaic long-le-long agus thug sé cead do choisithe na Róimhe páirt a ghlacadh i gcoimhlintí cabhlaigh. Mar sin féin, bhí an corvus anásta agus contúirteach freisin, mar sin, cuireadh deireadh leis de réir a chéile nuair a d'éirigh cabhlach na Róimhe níos cleachtaithe agus inniúla. Ach amháin gur bhriseadh orthu ag Cath Túinis san Afraic, agus faoi dhó i gcomhrac cabhlaigh, bhí bua beagnach gan bhriseadh ag fórsaí na Róimhe sa Chéad Cogadh Púnach . Sa bhliain 241 RC, shínigh an Chartaig conradh síochána faoi théarmaí a thug uirthi an tSicil a thréigint agus cúiteamh chogaidh a d'íoch. Bhí an cogadh fada costasach don dá chumhacht, ach bhí an Chartaig go mór níos éagobhsaithe dá bharr ná an Róimh. Sa bhliain 238 RC, bhí an Chartaig sáite isteach i gCogadh na nAmas, agus, lena linn, ghabh an Róimh [[an tSairdín]] agus [[an Chorsaic]]. B'í an Róimh anois an stát is cumhachtaí san Iar-Mheánmhuir: bhí a cabhlacht mór in ann cosc a chur ar ionradh farraige ar an Iodáil, na bealaí trádála tábhachtach farraige a rialú, agus ionsaí ón fharraige a dhéanamh ar thíortha i gcéin.