An difríocht idir athruithe ar: "An Chéad Chogadh Domhanda"

Content deleted Content added
Líne 38:
=== Na Pleananna Cogaidh, an Mhímhuinín agus an Slógadh ===
 
Ceann de chúiseanna an chogaidh ab ea na pleananna réamhcheaptheréamhcheaptha a bhí ag na cumhachtaí go léir leis an gcogadh a bhuachan. Ba é Plean Schlieffen, plean slógtha na Gearmána, a tharraing an cogadh anuas ar an ilchríoch. Go bunúsach, bhí sé bunaithe ar an smaoineamh go n-ionsófaí an Fhrainc gan seans a fhágáil aici eagar ceart cogaidh a chur ar a cuid saighdiúirí in am. An plean a bhí ag na Francaigh bhí sé dirithe ar an gceantar tionsclaíoch chois abhainn Ruhr, an ''Ruhrgebiet'', a fhorghabháil, nó ní fhéadfadh an Ghearmáin cogadh a chur in uireasa na tionsclaíochta ansin. De réir plean eile de chuid na bhFrancach shlógfaí an t-arm go sciobtha le teorainn na Gearmáine agus na hOstaire-Ungáire a bhaint amach. Chruthaigh na pleananna seo atmaisféar cogúil so-adhainte idir na tíortha.
 
=== Míleatachas agus uathlathas ===