An difríocht idir athruithe ar: "Ágastas"

Content deleted Content added
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: lij:Aogusto
Eusc (plé | dréachtaí)
Líne 21:
=== A Bhealach chun Cumhachta ===
 
Go bunúsach, ní raibh forálacha dlí sa Róimh a cheadódh a leithéid d'uchtú iarbháis. Mar sin féin, ghlac Octavianus ainm Caesar air féin. Ar dtús, níor ghlac sé páirt ar bith sa chogadh cathartha a bhí ag lasadh suas arís idir lucht leanúna Iúil Caesar, a raibh Marcus Antonius i gceannas orthu, agus a chuid naimhde, ar nós Gaius Cassius Longinus agus [[Marcus Iunius Brutus]], a bhí ag iarraidh Poblacht na Róimhe a athbheochan i ndiaidh dheachtóireacht Caesar.
 
Bhí [[Marcus Antonius]] ina iar-ghinearál airm de chuid Caesar agus ina chomh-Chonsal leis. Mar sin, ní raibh sé sásta maoin shaolta Caesar a thabhairt d'Octavianus óg. Nuair a chrom Octavianus ar an gcuid eile d'uacht Caesar a chomhlíonadh, agus é ag íoc phinsin na seansaighdiúirí as a phóca féin - nó, le bheith beacht, as an gciste cogaidh a bhí bailithe le haghaidh an fheachtais in aghaidh na bPartach - thug muintir na Róimhe taithneamh dó mar fhear onórach. D'iompaigh an luiteamas seo ina thacaíocht pholaitiúil go gasta. Fuair Octavianus cuidiú ó Marcus Tullius Cicero, an seanadóir agus an t-iar-Chonsal, a bhí den bharúil go mbainfeadh an fear óg cuid den tábhacht pholaitiúil de Marcus Antonius. Bhí Cicero féin ag tacú leis an bPoblacht, cé nár ghlac sé páirt sa chomhcheilg a mharaigh Caesar. D'fháiltigh Octavianus an tacaíocht a fuair sé ó Cicero, ach bhí pleananna dá chuid féin aige. Ní bheadh sé ina bhalbhán ag Cicero, cé go raibh sé siúd ag iarraidh a úsáid féin a bhaint as Octavianus.