An difríocht idir athruithe ar: "Veaspáisian"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 20:
Ní mhaireann ach roinnt eolas faoin a rialtas i rith na deich mbliana ina raibh Vespasian ina impire. Is fearr aithne ar réimeas Vespasian mar gheall, ar leasúchán airgeadais tar éis meath an ríshleachta Iúil-Claudiach, ar an bhfeachtas rathúil in aghaidh Iúdáia, agus ar thionscadail tógála éagsúla uaillmhianacha, mar shampla [[an Colasaem]]. Ar a bhás, sa bhliain 79, tháinig a mhac ba shine [[Títeas]] (Laidin:''Titus Flavius Caesar Vespasianus Augustus'' ) i gcomharbacht air, mar sin, b'é an chéad Impire Rómhánach é a d'éirigh len a mhac féin dul i gcomharbas air.
 
==Teaghlach==
 
Rugadh Vespasian i bhFalacrina (Latin: ''Falacrīnum nó vīcus Phalacrīnae''), sa tír Saibíneach in aice le Reate. Ní raibh a theaghlach oirirce den chuid is mó agus bhí easpa ginealaigh acu. B'é a sheanathair athartha, Titus Flavius ​​Petro, an chéad duine acu chun clú a tharraing air féin, ag ardú go dtí céim an taoisigh chéid (Laidin: ''centurio'') agus throid sé ag Pharsalus (Greigis Ársa: Φάρσαλος) do [[Gnaeus Pompeius Magnus|Phoimpéas]] (Laidin:''Gnaeus Pompeius Magnus'') sa bhliain 48 BC. Ina dhiaidh, sin ba bhailitheoir fiachais é.
 
[[Catagóir:Impirí Rómhánacha]]