An difríocht idir athruithe ar: "Albain"

Content deleted Content added
Líne 65:
 
==Tíreolaíocht==
Is ar thuaisceart oileáin na [[an Bhreatain|Breataine]] atá Alba; thar teorainn ó dheas uaidh tá [[Sasana]]. Tá cuid de mhórthír na Breataine inti, maraon le roinnt grúpaí oileán, ar nós [[Seilteann]], [[AircibhArcaibh]] agus [[na hOileáin Thiar]]. Trí rann tíreolaíochta agus clocheolaíochta atá ar an mórthír: aduaidh aneas, is iad seo [[Garbhchríocha na hAlban]] atá sléibhteach don chuid is mó, an Crios Láirneach nó an Ghalltacht Meánach, atá íseal go maith, agus Árdáin an Deiscirt atá cnocach. Is sa Chrios Láirneach a mhaireann formór na ndaoine, agus is ann atá trí chinn de na sé caithreacha atá sa tír [[Dún Éideann]], [[Glaschú]], [[Sruighlea]], maraon le go leor bailte móra eile. Tá an chuid is mó d'fhuíoll an daonra in Ísiltír an Oirthuaiscirt, mar a bhfuil dhá cheann eile de na caithreacha sin, [[Obar Deathain]] agus [[Dún Deagh]]. Fágann sin [[Inbhear Nis]], atá san áit a bhuaileann [[Abhainn Nis]] le [[Moray Firth]], ar an scoilt idir Árdáin an Iarthuaiscirt agus na [[Cairn Gorma]].
 
Roinntear Alba i g[[contaethe traidisiúnta na hAlban|contaethe traidisiúnta]], ach in [[1889]], nuair a cuireadh na [[comharlaithe contae]] ar bun, cuireadh beagán atheagair orthu mar go raibh cuid díobh i mórán codanna, nó fiú ina smidríní.
 
== Clocheolaíocht ==