An difríocht idir athruithe ar: "Albain"

Content deleted Content added
→‎na Meáin Chumarsáide: - naisc leasaithe agus curtha isteach sa bhreis
Líne 153:
===na Meáin Chumarsáide===
 
Tá meáin chumarsáide ar leith in Alba seachas mar atá sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Mar shampla, táirgeann sí páipéirí nuachta ar nós ''The Daily Record'' (príomh nuachtán pháipéir-cúng na hAlban) agus an dá phríomh nuachtán pháipéir-leathain, ''The Herald'' bunaithe i n[[Glaschú]], agus ''The Scotsman'' i n[[Dún ÉadainnÉideann]]. D’athraigh ''The Herald'' a ainm ó ''Glasgow Herald'', chun aitheantas a fháil mar pháipéar náisiúnta seachas mar cheann réigiúnda. Imeasc páipéirí an Domhnaigh, tá an 'tabloid' ''Sunday Mail'' (foilsithe ag an ''Daily Record'') agus an ''Sunday Post'', agus tá ceangal ag an ''Sunday Herald'' le ''The Herald'' agus ag ''Scotland on Sunday'' le ''The Scotsman''. Tá páipéirí laethúla réigiúnda ann freisin, mar ''The Courier and Advertiser'' i n[[Dún Deagh]] san oirthear, agus ''The Press and Journal'' a chlúdaíonn [[Obar Deathain]] agus tuaisceart na tíre.
 
Tá a cuid seirbhísí BBC féin ag Albain, mar shampla na stáisiúin náisiúnta raidió, BBC Radio Scotland agus an tseirbhís i nGaeilge na hAlban, BBC Radio nan Gaidheal. Tá roinnt mhaith stáisiún raidió BBC agus neamhspleácha freisin ar fud na tíre. Maraon leis an raidió, cuireann BBC Scotland dhá sheirbhís teilifíse ar fáil. Táirgítear cuid mhaith de chraoltacháin an BBC Scotland Television do phobal na hAlban, ar nós cláracha nuachta agus gnóthaí reatha, agus an opera galúnaigh bunaithe i nGlaschú, ''River City'', ach táirgítear cinn eile, ar nós drámaí agus cláracha grinn, do lucht féachana ar fud na Ríochta Aontaithe, agus níos faide i gcéin. Tá difríocht freisin i gclúdach ar spóirt, mar go bhfuil a lígeanna sacair féin ag an tír, seachas cinn Shasana.
 
Tá trí stáisiún teilifíse neamhspleácha ag craoladh in Albain, (Scottish Television, Grampian Television agus Border Television) freisin. Cé go rabhadar neamhspleách cheana, is leis an gcomhlucht chéanna (The Scottish Media Group) anois Scottish TV agus Grampian, agus is beag na difríochtaí eadarthu. Tá an scéal níos casta ag "Border", mar go gcaitheann sé seirbhís a thabhairt do áiteanna thar teorann i Sasana, chomh maith le h[[Oileán Mhanann]], agus tá seirbhísí nuachta ar leith anois aige don dá thaobh den teorann. Tá an chuid is mó de na craoltacháin neamhspleácha mar an gcéanna leo siúd i [[Sasana]], sa [[an Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]] agus i dTuaisceartd[[Tuaisceart Éireann]], lasmuigh de nuacht agus cúrsaí reatha, spóirt, agus cláracha cultúrtha agus i n[[Gaeilge na hAlban]].
 
===Gnéithe eile de chultúr na hAlban===