An difríocht idir athruithe ar: "Gaeil"

Content deleted Content added
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: pl:Gelowie
Líne 30:
Ba í an Ghaeilge teanga Dhál Riada, ríocht Ghaelach a bhí le fáil in Earra-Ghaidheal in oirdheisceart na tíre timpeall an 4ú haois AD. Is léir go raibh Éireannaigh á bhfódú féin ann, agus déarfadh scoláirí éigin go raibh Gaeilge á labhairt ann i bhfad roimhe sin.<ref>A mhalairt de bharúil atá ag Dillon agus ag Chadwick.</ref> Leathnaigh an teanga leis an gCríostaíocht agus ghéill an Phiochtais de réir a chéile; faoin 12ú haois bhí Gaeilge á labhairt sa chuid ba mhó den tír. Ach bhí limistéar an Bhéarla ag méadú agus nósanna nua ag teacht isteach: cuireadh an feodachas agus na chéad bhailte móra cairte ar bun, agus tháinig uasalaicme nua isteach - ridirí agus eaglaisigh Fhrancacha agus Angla-Fhrancacha. Is dócha, freisin, go raibh an dátheangachas ag éirí coitianta i gceantair an oirthir agus go raibh buntáiste na cumhachta ag an mBéarla. Faoin 13ú haois bhí an Ghaeilge ag cúlú; bheadh na ''Gàidheil'' le fáil thiar feasta, sna [[Garbhchríocha]], in [[Inse Gall]] agus feadh Mhaol na nGall.
 
== Na Gaeil sa Bhailebhaile ==
Má tá ceangal idir cine agus teanga, is léir gur ar éigean atá na Gaeil ann inniu. Tá Gaeltachtaí na hÉireann agus na hAlban ag meath i gcónaí, agus cailleadh an cainteoir dúchais deireanach ar Oileán Mhanann sna seachtóidí. In Éirinn tháinig an meath mór sa 19ú haois thar aon aois eile; bhí an dátheangachas (nó saghas dátheangachais) ag fás, bhí an [[Béarla]] i réim i gcúrsaí poiblí, agus ba é an [[an Gorta Mór|Drochshaol]] an babhta marfach. In Albain (Inse Gall agus na Garbhchríocha) sa tréimhse chéanna is beag baint a bhí ag an teanga in intinn na ndaoine le dul chun cinn, agus ní dhearnadh freastal uirthi. Meas béarlagair a bhí ar an teanga in Oileán Mhanann; b'fhearr duit Béarla.