An difríocht idir athruithe ar: "Gaeil"

Content deleted Content added
Líne 36:
Sa bhliain 2006 ba í an Ghaeilge príomhtheanga an phobail agus an tí ag 3% den daonra. <ref>Government of Ireland, {{PDFlink|[http://www.pobail.ie/en/IrishLanguage/StatementontheIrishLanguage2006/file,7802,en.pdf Statement on the Irish Language 2006]|919 KB}}. Aimsíodh ar 21 Eanáir 2008 le haghaidh [[Irish Language]].</ref> (4,422,100 duine a bhí ina gcónaí in Éirinn sa bhliain 2008).<ref>[http://www.cso.ie/releasespublications/documents/population/current/popmig.pdf CSO Ireland - April 2008 Population Estimates]</ref> Meastar go bhfuil idir 20,000 agus 80,000 cainteoir dúchais ann (cé go mbeadh a bhformhór meánaosta nó ina seandaoine).<ref>[http://www.helsinki.fi/~tasalmin/europe_report.html#IGaelic Endangered languages in Europe: report]</ref><ref>{{cite book |title=Linguistic Minorities in Multilingual Settings: Implications for Language Policies |last=Christina Bratt Paulston |publisher=J. Benjamins Pub. Co |page=81}}</ref><ref>{{cite book |title=Irish Writing in the Twentieth Century |last=Pierce |first=David |year=2000 |publisher=Cork University Press |page=1140}}</ref> <ref>{{cite journal |last=Ó hÉallaithe |first=Donncha |authorlink= |coauthors= |year=1999 |month= |title= |journal=Cuisle |volume= |issue= |pages= |id= |url= |accessdate= |quote= }}</ref> Sa bhliain 2007 mheas an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go raibh timpeall 17,000 duine le fáil i gceantair mar a raibh neart Gaeilge á húsáid.<ref>[http://www.oceanfm.ie/onair/donegalnews.php?articleid=000002629 Welcome to Ocean fm<!-- Bot generated title -->]</ref> Ach tá an meath ar siúl sa [[an Ghaeltacht|Ghaeltacht]] gan stad fiú ó bunaíodh an Stát – ó 250,000 cainteoir líofa sa Ghaeltacht ansin go dtí timpeall 30,000 anois (má tá a líon chomh mór sin féin).
 
Lasmuigh den Ghaeltacht bhí an Stát ag brath ar na scoileanna riamh chun ‘Gaeil Nua’ a dhéanamh. Theip air sin; tá daltaí na hÉireann ag foghlaim Gaeilge de dheoin nó d’ainneoin le timpeall seachtó bliain, agus gan ach Béarla ag a bhformhór mór tar éis an tsaoil. Le tamall de bhlianta anuas, áfach, tá borradh ag teacht faoin líon daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu de bharr scolaíocht lánGhaeilge. Astu sin a fáiscfear an chéad ghlúin eile de chainteoirí dúchais. Tá an teanga ag lonnú i measc cuid den mheánaicme chathrach, go háirithe sna cathracha móra - [[Baile Átha Cliath]] sa deisceart, [[Doire]] agus [[Béal Feirste]] sa tuaisceart. Dream uirbeach na Gaeil feasta, cé gur deacair a líon a mheas faoi láthair.
 
==== Na hAlbannaigh ====