An difríocht idir athruithe ar: "Cicearó"

Content deleted Content added
Eusc (plé | dréachtaí)
m tmp
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:CiceroBust.jpg|thumb|220px|Dealbh de Cicearó atá déanta as marmar ]]
Ba státaire, dlíodóir, teoiricíteoiriceoir polaitiúil, scríbhneoir agus fealsamh [[An tSean-Róimh|Rómhánach]] é '''Cicearó''' (fíorainm: ''Marcus Tullius Cicero'', [[3 Eanáir]], [[106 RC]] - [[7 Nollaig]], [[43 RC]]). Glactar go forleathan leis mar cheanndhuine de na príomh-óráidithe as [[Laidin]]e éagus de na scríbhneoirí móra sa teanga, agus is clasaicigh iad a chuid aistí.
 
Bhí tionchar Chicearó ar fhorbairt agus ar stíl a theanga chomh mór millteanach is go n-úsáideann a lán teangacha Eorpacha i gcónaí téarmaí Laidine a tháinig ó pheann Chicearó: focail de chuid Chicearó iad ''humanitas'' (daonnacht), ''qualitas'' (cáilíocht), ''quantitas'' (cainníocht) agus ''essentia'' (eisint, bunbhrí, bunchiall, éirim an scéil), mar shampla. Ba é Cicearó a chuir príomhscoileanna na fealsúnachta Gréagaí in aithne do mhuintir na Róimhe, agus ba spreagadh dó teanga na bhfealsún Gréagach téarmaí nua a chumadh le haghaidh lucht labhartha na Laidine.
 
Deirtear gurbh iad litreacha Chicearó, ar tháinig Francesco Petrarca, an file Iodálach a dtugtar "athair an daonnachais" air, orthu, - gurbh iad na litreacha seo a chuir tús leis an ''Renaissance'' sa Iodáil. Dúirt an scoláire Polannach Tadeusz Zieliński gurbh é an rud a bhí i gceist leis an ''Renaissance'' ná gur chuir na daoine suim nua i saothar Chicearó, agus nár tháinig athbheochan na seanársaíochta clasaicí - an chultúir shean-Rómhánaigh agus shean-Ghréagaigh - ach sna sálaí ag athbheochan Chicearó. Chuaigh saothar Chicearó i bhfeidhm ar smaointeoirí na hochtú haoise déag ach go háirithe, cosúil le Montesquieu, David Hume, agus John Locke. Inniu féin is é saothar Chicearó an fhoinse is cuimsithí dá bhfuil againn ar imeachtaí agus ar chultúr na sean-Róimhe roimh ré na n-impirí.
 
I gcúrsaí polaitíochta bhí Cicearó ag dul go tréan ar son na Poblachta agus in aghaidh na deachtóireachta. Nuair a rinne Lucius Sergius Catilina iarracht cumhacht a shealbhú agus deireadh a chur le poblacht na Róimhe, ba é Cicearó a chuir faoi chois an chomhcheilg seo le feabhas a reitrice agus a óráidíochta. Ní raibh sé róchairdiúil le Caesar ach an oiread, ó nár thaitin deachtóireacht Caesar leis, mar phoblachtánach. Le linn an chogaidh chathartha i ndiaidh bhás Caesar, chuir Cicearó in aghaidh Marcus Antonius, agus mar sin, feallmharaíodh ar ordú ó Antonius é.
 
== A Shaol ==