An difríocht idir athruithe ar: "Cicearó"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 6:
Deirtear gurbh iad litreacha Chicearó, ar tháinig [[Francesco Petrarca]], an file Iodálach a dtugtar "athair an daonnachais" air, orthu, - gurbh iad na litreacha seo a chuir tús leis an ''Renaissance'' sa Iodáil. Dúirt an scoláire Polannach [[Tadeusz Zieliński]] gurbh é an rud a bhí i gceist leis an ''Renaissance'' ná gur chuir na daoine suim nua i saothar Chicearó, agus nár tháinig athbheochan na seanársaíochta clasaicí - an chultúir shean-Rómhánaigh agus shean-Ghréagaigh - ach sna sálaí ag athbheochan Chicearó. Chuaigh saothar Chicearó i bhfeidhm ar smaointeoirí na hochtú haoise déag ach go háirithe, cosúil le [[Montesquieu]], [[David Hume]], agus [[John Locke]]. Inniu féin is é saothar Chicearó an fhoinse is cuimsithí dá bhfuil againn ar imeachtaí agus ar chultúr na sean-Róimhe roimh ré na n-impirí.
 
I gcúrsaí polaitíochta bhí Cicearó ag dul go tréan ar son na Poblachta agus in aghaidh na deachtóireachta. Nuair a rinne [[Lucius Sergius Catilina]] iarracht cumhacht a shealbhú agus deireadh a chur le poblacht na Róimhe, ba é Cicearó a chuir faoi chois an chomhcheilg seo le feabhas a reitrice agus a óráidíochta. Ní raibh sé róchairdiúil le [[Iúil Caesar|Caesar]] ach an oiread, ó nár thaitin deachtóireacht Caesar leis, mar phoblachtánach. Le linn an chogaidh chathartha i ndiaidh bhás Caesar, chuir Cicearó in aghaidh Marcus Antonius, agus mar sin, feallmharaíodh ar ordú ó Antonius é.
 
== A Shaol ==