An difríocht idir athruithe ar: "Áth Luain"

Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 16:44, 15 Nollaig 2004

Baile i lár na hÉireann, suite ar Abhainn na Sionainne, leathbealaigh idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh. Cúpla míle ó dheas de tá Cluain Mhic Nóis, mainistir a bhunaigh Naomh Ciarán i 548, agus a bhí ina ionad léinn ar feadh na gcéadta bliain. Thóg an rí Toirdhealbhach Ó Conchubhair ciasleán adhmaid ann i 1129.

Thóg na Normannaigh caisleán cloiche ar bhruacha na Sionainne sa tríú haois déag, agus bhí Loch Ríbh ina ionad tábhachtach iascaireachta ó thús ama. Bhí tábhacht mhíleata leis an mbaile mar gheall ar a ionad i lár tire agus bhí garastúin ann ag Arm na Breataine, mar atá anois ag Arm na hÉireann. Rinneadh léigear ar an bhaile i 1690 nuair a bhí Cogadh an Dá Rí ar bun. Tar éis chath a mhair deich lá d'éiirgh leis an nGinearál Ginkle an baiile a ghabháil i mí Meithimh 1691.

Daonra (Daonáireamh 2002: 23,670)