An difríocht idir athruithe ar: "Áth Luain"

Content deleted Content added
m Nascanna, earráidí cló
mNo edit summary
Líne 1:
Baile i lár na [[Éire|hÉireann]], suite ar Abhainn na [[Sionainn|Sionainne]], leathbealaigh idir [[Baile Átha Cliath]] agus [[Gaillimh]]. Cúpla [[míle]] ó dheas de tá [[Cluain Mhic Nóis]], mainistir a bhunaigh [[Naomh Ciarán]] i [[548]], agus a bhí ina ionad léinn ar feadh na gcéadta bliain. Thóg an rí [[Toirdhealbhach Ó Conchubhair]] ciasleáncaisleán adhmaid ann i [[1129]].
 
Thóg na [[Normanaigh|Normannaigh]] caisleán cloiche ar bhruacha na [[Sionainn|Sionainne]] sa tríú haois déag, agus bhí [[Loch Ríbh]] ina ionad tábhachtach iascaireachta ó thús ama. Bhí tábhacht mhíleata leis an mbaile mar gheall ar a ionad i lár tire agus bhí garastúin ann ag [[Arm na Breataine]], mar atá anois ag [[Arm na hÉireann]]. Rinneadh léigear ar an bhaile i [[1690]] nuair a bhí [[Cogadh an Dá Rí]] ar bun. Tar éis chath a mhair deich lá d'éirigh leis an nGinearál [[Godart van Ginkel]] an baile a ghabháil i mí Meithimh [[1691]].