An difríocht idir athruithe ar: "Crómasóm"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Crómasóm.JPEG|thumb|300px|Cur síos ar struchtúr an chrómasóim.]]
Is éard is '''crómasóm''' ann ná struchtúr eagraithe den aigéad dí-ocsairibeanúicléasach ([[ADN]]) agus ceallaphróitéiní. Is píosa amháin de ADN corntha é ina bhfuil go leor [[géin]], gnéithe rialaitheacha agus sraitheanna [[núicléitíd]]í eile. Bíonn próitéiní ADN- cheangailte sna crómasóim freisin, le haghaidh ADN a phacáistiú agus a chuid feidhmeanna a rialú. Ionchódaíonn ADN crómasómach an chuid is mó nó an t-iomlán d'faisnéis ghéiniteach an orgánaigh; bíonn roinnt speiceas ann ina mbíonn plasmaidí nó eilimintí géiniteacha eile iontu.
 
Bíonn éagsúlachtaí móra sna crómasóim idir orgánaigh éagsúla. Féadfaidh cruth ciorclach nó líneach a bheith ar mhóilín ADN, agus is féidir leis a bheith comhdhéanta de 100,000 go dtí os cionn 3750000000 [[núicléitíd]] i slabhra fada. De ghnáth, bíonn crómasóim líneacha móra sna cealla eocarótacha (cealla núicléatacha) agus bíonn crómasóim ciorclacha níos lú sna cealla prócarótacha (cealla gan núicléis sainithe), cé go mbíonn eisceachtaí go leor bainteach leis an riail seo. Chomh maith leis sin, is féidir go mbeadh cealla ann le níos mó ná cineál amháin crómasóim; mar shampla, bíonn a chrómasóim beaga féin ag miteacoindrí sna chuid is mó de na eocaróit agus na clóraplaist phlandaí.
 
 
[[Catagóir:Géineolaíocht]]