An difríocht idir athruithe ar: "An Protastúnachas"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Tugtar '''Protastúnachas''' ar an dtréith sin den [[an Chríostaíocht|Chríostaíocht]] a tháinig ar an saol i ndiaidh an t[[Athleasú Creidimh]], agus go ginearálta ar na heaglaisí a thagann ón am sin agus ina dhiaidh. Tugtar tús áite, go hiondúil, do [[Mairtín Liútar]], manach Aibhistíneach sa [[an Ghearmáin|Ghearmáin]] a bhí ag iarraidh athraithe a chur ar bun laistigh den eaglais [[Caitliceachas|Chaitliceach]] maidir le díol loghanna agus lochtanna eile a bhí le feiscint go trom san am sin ar an eaglais chéanna. I [[1517]], deirtear gur cheangail Martin Luther liosta de 95 gearán a bhí aige i gcoinne na hEaglaise le tairní ar dhoras Ardeaglais Wittenberg na Gearmáine, agus uaidh sin bhí scoilt le sonrú idir a lucht leanúna agus iadsan a chuir ina choinne. Bheadh ríochtaí na h[[an Eoraip|Eorpa]] roinnte óna chéile ar feadh blianta ina dhiaidh sin maidir leis na creidimh a bhí á gcur ar aghaidh iontu faoi seach, agus bheadh cogaí fada ar nós Chogaidh na dTríocha Blian bunaithe cuid mhaith ar theorannacha agus ar ghearáin [[creideamh|creidimh]].
 
Lean díograsóirí eile mar [[Eoin Cailvín]] i Zürich, Ulrich Zwingli, [[John Knox]] in [[Albain]], agus [[John Huss]] sa [[an Phoblacht Sheiceach|Ríocht Sheiceach]] Luther, go minic ag cur d'iallach ar lucht a leanta saol an-simplí a leanúint. Mar shampla, ní cheadaítí ólachán, obair ar an Domhnach, nó aon sórt droch-chainte sna cathracha a bhí faoina smacht.
 
== Liosta Eaglaisí Protastúnach ==
 
* [[Anabaisteach]], [[Anglacánachas]], [[Ateachtaigh an tSeachtú Lá]]
* [[Baisteachas]], [[Cailvíneachas]], [[Cincíseachas]], [[Críostaí athbheirthe]], [[Cumann na gCarad (no ''na Caecair'')]]
* [[Eaglais Naoimh na Laethanta Deireanacha]]
* [[Finné Iáivé]]
* [[Liútarachas]]
* [[Modhachas]]
* [[Preispitéireachas]]
* [[Soiscéalaíochta]]
 
{{stumpa}}