An difríocht idir athruithe ar: "Crómasóm"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 6:
Sna heocaróit, bíonn próitéiní freagrach as na crómasóim núicléacha a phacáistiú, i struchtúr comhdhlúite ar a dtugtar [[crómaitin]].
Ligeann sé seo dos na móilíní an-fhada ADN a bheith feistithe istigh sa chill-núicléas. Ní hionann struchtúr na gcrómasóm agus na cromatine i rith an [[timthriall cille|timthrialla chille]]. Is iad na crómasóim na haonaid riachtanacha i gcomhair na cilldeighilte, agus caithfidh siad bheith macasamhlaithe, roinnte agus curtha ar aghaidh, go rathúil, chuig a gcuid mac-cheall, ionas go gcinnteofar an éagsúlacht ghéiniteach agus go mairfí a sleachta. Is féidir crómasóim a bheith ann i riocht dhúbailte nó dídhúbailte. Is i bhfoirm snáitheanna líneacha amháin a bhíonn na crómasóim dídhúbailte, cé go mbíonn dhá chóip chomhionanna (ar a dtugtar [[crómaitid|crómaitidí]]) nasctha ag [[ceintrimír]] sna crómasóim dhúbailte.
[[Íomhá:Chromosome.svg|thumb|300px|.]]
 
De thoradh ar dlúthú na gcrómasóm dídhúbailte le linn [[miotóis|miotóise]] agus [[méóis|méóise]] a fhaightear an struchtúr clasaiceach 'ceithre ghéag' (sa phictiúr ar dheis). Imríonn an athchuingir chrómasómach ról ríthábhachtach san éagsúlacht ghéiniteach. Má tá na struchtúir ionramháilte go mícheart, trí phróisis ar a dtugtar éagobhsaíocht chrómasómach agus trasghluaiseacht chrómasómach, féadfaidh an chill catastróf mhiotóiseach a fhulaingt agus bás a fháil, nó d'fhéadfadh sé, gan choinne, an [[apaptóis]] a seachaint, lena dtagtar dul chun cinn na [[ailse|hailse]].