An difríocht idir athruithe ar: "Daidí na Nollag"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Jonathan G Meath portrays Santa Claus.jpg|thumb|uprigh|Íomhá choitianta de Dhaidí na Nollag in iarthar an domhain]]
Is carachtar é '''Daidí na Nollag''' (''San Nioclás'' nó ''Santa'' uaireanta) atá mar thraidisiún [[an Nollaig|Nollag]] ag tíortha Iartharacha an domhain. Go hiondúil, deirtear gur fear é a chaitheann féasóg bhán is culaith dhearg is a fhágann bronntanais ag páistí an domhain Oíche Nollag.
 
==Cúlra an Charachtair==
 
Tagann an coincheap de fhigiúr folaithe a thugann bronntanais do leanaí ó [[San Nioclás]], easpag cineálta ón 4ú Aois san [[an Áise Bheag|Áise Bheag]]. Chuir muintir na h[[Ollainn|Ollainne]] tús le San Nioclás a thugadh bronntanais ag a fhéile ar [[6 Nollaig]]. I [[Meiriceá Thuaidh]], ghlac coilínithe [[Sasanach]]a le cuid den cheiliúradh seo ina gcomóradh Nollag, agus rinneadh [[Santa Claus]], de '''Sintaklaas'' na nOllannach. I dtraidisiún na mBéarlóirí seo i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar oíche Nollag ar [[carr sleamhnáin]] arna tharraingt ag [[réinfhia]]nna, dreapann sé anuas an simléir, fágann sé féiríní do leanaí, itheann sé an bia agus an deoch a fhágtar lena choinne. Tá ceangal lárnach idir an carachtar seo agus an té Eorpach Daidí na Nollag. Tugann sé an bhliain ag déanamh bréagán, agus ag coinneáil liostaí ar iompar na leanaí. I gcultúir áirithe, tagann [[Knecht Ruprecht]], Zwarte Piet nó ''Peadar Dubh'' in éindí le Daidí na Nollag. In áiteanna, is iad na síoga i gcearta a dhéanann na bréagáin, agus i leaganacha eile den scéal tá sé pósta. Bíonn Daidí na Nollag go hiondúil ag tabhairt cuairte ar cheantair siopadóireachta agus siopaí eile i Meiriceá Thuaidh, in [[Éirinn]] agus sa [[Bhreatain]], agus tagann páistí ag lorg bronntanas uaidh.