An difríocht idir athruithe ar: "Pádraig Ó Baoighill"

m
no edit summary
m
* ''Óglach na Rosann'' 1994. Beathaisnéis é seo ar Niall "Pluincéad" Ó Baoill, laoch Poblachtánach ó bhólaí dúchais an scríbhneora, agus cuid mhaith seanchais áitiúil agus stairiúil léi. Go háirithe, tá go leor eolais ar fáil sa leabhar seo faoin bpáirt a bhí ag [[Seosamh Mac Grianna]] agus [[Séamus Ó Grianna]] in imeachtaí an [[An Cogadh Cathartha|Chogaidh Chathartha]].
* ''Cuimhní ar Dhochartaigh Ghleann Finne'' 1994. Seo leabhrán beag ina dtugann Pádraig cuntas ar theaghlach mór fidléireachta ó Lár Thír Chonaill.
* ''Nally as Maigh Eo'' 1998. Beathaisnéis atá ann ar Fhíníneach a ghlac páirt i mbunú Chumann Lúthchleas na nGaelGael. Ní raibh fad saoil i ndán do Nally, nó nuair a ghearr na Sasanaigh téarma príosúnachta air, níor cheadaigh a dhrochshláinte dó an téarma sin a chríochnú ina bheo. Mar sin féin, maireann a chuimhne ina measc siúd a chleachtann na cluichí Gaelacha.
* ''Ó Ghleann go Fánaid'' 2000. Seo leabhar taistil ar Chontae Dhún na nGall. Tugann an scríbhneoir léargas beoga ar shaol na ndaoine ina chontae dúchais, ar iarsmaí na laethanta a bhí agus ar staid na Gaeilge in áiteanna éagsúla.
* ''Amhrán Hiúdaí Fheilimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste'' 2001.
1,676

edits