An difríocht idir athruithe ar: "Pádraig Ó Baoighill"

Content deleted Content added
mioncheartú foclaíochta
nasc a bhí briste
Líne 2:
 
* ''An Coileach Troda agus scéalta eile'' 1993. Díolaim ghearrscéalta atá ann agus iad ag tabhairt cur síos ar an saol timpeall na Teorainne.
* ''Óglach na Rosann'' 1994. Beathaisnéis é seo ar Niall "Pluincéad" Ó Baoill, laoch Poblachtánach ó bhólaí dúchais an scríbhneora, agus cuid mhaith seanchais áitiúil agus stairiúil léi. Go háirithe, tá go leor eolais ar fáil sa leabhar seo faoin bpáirt a bhí ag [[Seosamh Mac Grianna]] agus [[Séamus Ó Grianna]] in imeachtaí an [[An Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogaidh Chathartha]].
* ''Cuimhní ar Dhochartaigh Ghleann Finne'' 1994. Seo leabhrán beag ina dtugann Pádraig cuntas ar theaghlach mór fidléireachta ó Lár Thír Chonaill.
* ''Nally as Maigh Eo'' 1998. Beathaisnéis atá ann ar Fhíníneach a ghlac páirt i mbunú Chumann Lúthchleas Gael. Ní raibh fad saoil i ndán do Nally, nó nuair a ghearr na Sasanaigh téarma príosúnachta air, níor cheadaigh a dhrochshláinte dó an téarma sin a chríochnú ina bheo. Mar sin féin, maireann a chuimhne ina measc siúd a chleachtann na cluichí Gaelacha.