An difríocht idir athruithe ar: "An tSínis"

Content deleted Content added
Líne 56:
 
 
Ba í an Mheán-Sínis an cineál Sínise a bhí á cleachtadh sna blianta ón séú go dtí an deichiú haois AD (is é sin, timpeall ar ré na Sean-Ghaeilge). Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir an Mheán-Sínis Mhoch (atá le fáil sa leabhar rímeanna ''Qiēyùn'' (601 AD)) agus an Mheán-Sínis Dheireanach (atá le fáil sa leabhar rímeanna ''Guǎngyùn'' ón deichiú haois). Mura bhfuil na teangeolaithe ach ag tuairimíocht faoi fhuaimeanna na Sean-Sínise, tá siad níos eolaí ar an Meán-Sínis. Na leideanna atá acu tagann siad ó fhoinsí éagsúla: na canúintí comhaimseartha, na foclóirí rímeanna, na traslitrithe a rinne daoine ón gcoigríoch, na táblaí rímeanna a chuir sean-fhocleolaithe na Síne féin i dtoll le chéile le hachoimre a thabhairt ar chóras fuaimeanna na teanga, agus aistriúcháin fuaimbhunaithe na bhfocal coimhthíoch. Mar sin féin, níl in iarrachtaí na dteangeolaithe ach -tuairimí iarrachtaíagus teoiricí. Tá sé ráite ag scoláirí áirithe nach bhféadfaí fuaimchóras na Cantainise a atógáil ach ar éigean, mura mbeadh d'fhianaise ach na rímeanna ón bpopcheol Cantainise, nó an ''Cantopop''.
 
== Tionchar na Sínise ar Theangacha Eile ==